Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 32:15-24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. Nuair a bhánóidh mé tír na hÉigipte,nuair a fhágfar í ina fásach folamh,nuair a bhascfaidh mé a gcónaíonn inti,tuigfidh siad ansin gur mise an Tiarna.

16. “Sín é an caoineadh a thógfar; iníonacha na gciníocha a thógfaidh é. Tógfaidh siad é ar son na hÉigipte agus ar son a pobail uile - an Tiarna Dia a labhraíonn.”

17. Sa dara bliain déag, ar an gcúigiú lá déag [den chéad mhí], tháinig briathar an Tiarna chugam:

18. “A mhic an duine, caoin pobal mór na hÉigipte; seol síos iad, ise agus iníonacha na gciníocha uaisle, in íochtar an domhain, chucu siúd atá imithe síos go Seól:

19. An áille tusa ná aon duine?Gabh síos, agus luigh leis an dreamgan timpeallghearradh.’

20. “Titfidh siad i measc an dream a maraíodh leis an gclaíomh; luífidh a sluaite uile ina cuideachta.

21. Labhróidh na gaiscígh mhóra i Seól agus a lucht cúnta léi: ‘[Tar] anuas agus [luigh] leis an dream gan timpeallghearradh, a thit leis an gclaíomh.’

22. “Tá an Asaír ansin agus a comhluadar uile, a n‑uaigheanna ina timpeall; tá siad go léir marbh, arna dtitim leis an gclaíomh.

23. Tá siad curtha i bhfíoríochtar Sheól agus a slua timpeall a huaighe, gach duine acu marbh, arna thitim leis an gclaíomh. Ach bhí an uair ann a raibh tír na mbeo ar uafás roimpi.

24. “Tá Éalám ansin agus a comhluadar uile thart timpeall a huaighe, iad uile marbh, arna dtitim leis an gclaíomh; d'imigh siad síos gan timpeallghearradh in íochtar an domhain. Ach bhí an uair ann a raibh tír na mbeo ar uafás roimpi. Iompraíonn siad a náire leo siúd a théann síos go Seól.

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 32