Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 32:11-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. Óir seo mar a deir an Tiarna Dia: Tiocfaidh claíomh rí na Bablóine ort.

12. Tabharfaidh mé ar do shlua titim le claimhte na gcumhachtach, gach duine díobh ar an dream is barbartha ar na ciníocha. Cuirfidh siad ar neamhní mórchúis na hÉigipte agus caillfear a pobal uile.

13. Scriosfaidh mé an uile bheithíoch ar bhruach na n‑uiscí móra. Ní chorróidh cos duine iad níos mó, ní chorróidh crúb beithígh iad ach oiread.

14. Déanfaidh mé na huiscí gléghlan agus cuirfidh mé na srutháin ag rith mar ola - an Tiarna Dia a labhraíonn.

15. Nuair a bhánóidh mé tír na hÉigipte,nuair a fhágfar í ina fásach folamh,nuair a bhascfaidh mé a gcónaíonn inti,tuigfidh siad ansin gur mise an Tiarna.

16. “Sín é an caoineadh a thógfar; iníonacha na gciníocha a thógfaidh é. Tógfaidh siad é ar son na hÉigipte agus ar son a pobail uile - an Tiarna Dia a labhraíonn.”

17. Sa dara bliain déag, ar an gcúigiú lá déag [den chéad mhí], tháinig briathar an Tiarna chugam:

18. “A mhic an duine, caoin pobal mór na hÉigipte; seol síos iad, ise agus iníonacha na gciníocha uaisle, in íochtar an domhain, chucu siúd atá imithe síos go Seól:

19. An áille tusa ná aon duine?Gabh síos, agus luigh leis an dreamgan timpeallghearradh.’

20. “Titfidh siad i measc an dream a maraíodh leis an gclaíomh; luífidh a sluaite uile ina cuideachta.

21. Labhróidh na gaiscígh mhóra i Seól agus a lucht cúnta léi: ‘[Tar] anuas agus [luigh] leis an dream gan timpeallghearradh, a thit leis an gclaíomh.’

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 32