Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 32:1-7 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Sa dara bliain déag, ar an gcéad lá den dara mí déag, tháinig briathar an Tiarna chugam:

2. “A mhic an duine, caoin Forann, rí na hÉigipte, agus abair leis:Ba dhóigh leat gur leon óg thú i measc na gciníocha.Ach is crogall thú sna farraigí;brúchtann tú i d'aibhneacha,corraíonn tú na huiscí le do spága,salaíonn tú na sruthanna.

3. Seo mar a deir an Tiarna Dia:Leathfaidh mé m'eangach os do chionnagus tú i gcomhluadar a lán pobal;tabharfaidh siad aníos i m'eangach thú.

4. Fágfaidh mé ansin ar an talamh thú,teilgfidh mé amach ar an mblár folamh thú,tabharfaidh mé ar an éanlaith tuirlingt ortagus ar bheithígh an domhain thú a alpadh.

5. Scaipfidh mé do chuid feola ar na sléibhte,agus líonfaidh mé na gleannta le do chonablach.

6. Fliuchfaidh mé le do shruth folaan talamh fad leis na sléibhte;agus beidh na claiseanna lán díot.

7. Nuair a scriosfaidh mé thúclúdóidh mé na spéartha,agus dorchóidh mé na réaltaí;cuirfidh mé smúid ar an ngrian le scamallagus ní thabharfaidh an ghealach a solas.

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 32