1. Sa dara bliain déag, ar an gcéad lá den dara mí déag, tháinig briathar an Tiarna chugam:
2. “A mhic an duine, caoin Forann, rí na hÉigipte, agus abair leis:Ba dhóigh leat gur leon óg thú i measc na gciníocha.Ach is crogall thú sna farraigí;brúchtann tú i d'aibhneacha,corraíonn tú na huiscí le do spága,salaíonn tú na sruthanna.
3. Seo mar a deir an Tiarna Dia:Leathfaidh mé m'eangach os do chionnagus tú i gcomhluadar a lán pobal;tabharfaidh siad aníos i m'eangach thú.
4. Fágfaidh mé ansin ar an talamh thú,teilgfidh mé amach ar an mblár folamh thú,tabharfaidh mé ar an éanlaith tuirlingt ortagus ar bheithígh an domhain thú a alpadh.
5. Scaipfidh mé do chuid feola ar na sléibhte,agus líonfaidh mé na gleannta le do chonablach.
6. Fliuchfaidh mé le do shruth folaan talamh fad leis na sléibhte;agus beidh na claiseanna lán díot.
7. Nuair a scriosfaidh mé thúclúdóidh mé na spéartha,agus dorchóidh mé na réaltaí;cuirfidh mé smúid ar an ngrian le scamallagus ní thabharfaidh an ghealach a solas.
8. Tabharfaidh mé ar shoilse uile na spéiremúchadh os do chionn,agus ar an dorchadas titim anuas ar do thír- an Tiarna Dia a labhraíonn.
9. “Cuirfidh mé buaireamh croí ar a lán daoine nuair a scriosfar thú os comhair na gciníocha, tíortha nach eol duit.
10. Cuirfidh mé scéin ar a lán daoine mar gheall ort, agus uafás ar ríthe i do thaobh nuair a nochtfaidh mé mo chlaíomh os a gcomhair. Creathnóidh siad gan stad lá do thurnaimh agus eagla an bháis ar an uile dhuine acu.
11. Óir seo mar a deir an Tiarna Dia: Tiocfaidh claíomh rí na Bablóine ort.