24. Neartóidh mé géaga rí na Bablóine agus cuirfidh mé mo chlaíomh ina láimh; ach brisfidh mé géaga Fhorainn agus beidh gach aon chnead as i láthair a namhad amhail duine a goineadh go marfach.
25. Neartóidh mé géaga rí na Bablóine ach titfidh géaga Fhorainn; agus tuigfidh siad gur mise an Tiarna. Nuair a chuirfidh mé mo chlaíomh i láimh rí na Bablóine sínfidh sé amach é ar thír na hÉigipte.
26. Ruaigfidh mé na hÉigiptigh i measc na gciníocha agus scaipfidh mé iad ar fud na dtíortha. Tuigfidh siad ansin gur mise an Tiarna.”