Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 30:2-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. “A mhic an duine, tairngir agus abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia:Caoin: ‘Mairg don lá!’

3. Óir tá an lá ar láimh,tá lá an Tiarna ar láimh;lá dorcha, scamallach a bheidh ann,deireadh ré do na ciníocha.

4. Tiocfaidh an claíomh ar an Éigipt;beidh scanradh ar an Aetóipnuair a thitfidh na mairbh san Éigipt,nuair a bhéarfar ar shiúl a maoinagus go réabfar a bunsraith.

5. “Muintir na hAetóipe, Pút agus Lúd, muintir na hAráibe agus na Libe, agus muintir thír an chonartha; titfidh siad ina gcuideachta leis an gclaíomh.

6. Seo mar a deir an Tiarna:Titfidh lucht taca na hÉigipte,rachaidh a neart mórchúiseach i laige,titfidh siad inti leis an gclaíomhó Mhigdeol go Saenéan Tiarna Dia a labhraíonn.

7. Bánófar íi measc na dtíortha a bheidh bánaithe,scriosfar a cathrachai measc na gcathracha a bheidh scriosta.

8. Tuigfidh siad ansin gur mise an Tiarna,nuair a chuirfidh mé tine leis an Éigipt,nuair a bhrisfear a tacaí go léir.

9. “An lá sin rachaidh teachtairí amach uaimse i longa a chur eagla ar na hAetópaigh neamhchúramacha. Tiocfáidh uafás orthu lá na hÉigipte; óir, féach é ag teacht!

10. Seo mar a deir an Tiarna Dia:Coscróidh mé sluaite na hÉigiptele láimh Nabúcadnazar, rí na Bablóine.

11. É féin agus a shlua,an dream is barbartha amuigh,tabharfar isteach iadleis an tír a chreachadh.Tarraingeoidh siad claíomhi gcoinne na hÉigipte,agus líonfaidh siad an tír le corpáin.

12. Triomóidh mé aibhneacha na Níle,díolfaidh an fearann le sladaithe,bánóidh an fearann le sladaithe,bánóidh mé an tír agus a bhfuil intile cuidiú na gcoimhthíoch.Mise, an Tiarna, a dúirt.

13. Seo mar a deir an Tiarna Dia:Scriosfaidh mé fós na híola,cuirfidh mé críoch le híomhánna NofFágfar an Éigipt gan taoiseach,scanróidh mé tír uile na hÉigipte.

14. Bánóidh mé Patros,cuirfidh tine le Zoan,gearrfaidh breithiúnas ar Nó.

15. Doirtfidh mé díoltas ar Shín,daingean na hÉigipte,coscroidh mé sluaite Nó.

16. Cuirfidh mé tine leis an Éigipt,beidh Sín faoi chlúdach scamaill,réabfar Nó as a chéile,beidh Nof i sáinn ó lá go lá.

17. Titfidh macra Ón agus Phí Beisit, leis an gclaíomh,rachaidh mná na gcathracha i mbraighdeanas.

18. Dorchóidh an lá i dTachpanaesnuair a bhrisfidh mé cuing na hÉigipte ansin,nuair a thiocfaidh deireadh lena neart mórchúiseach.Beidh sí faoi chlúdach scamaill,rachaidh a hiníonacha i mbraighdeanas.

19. “Sin mar a ghearrfaidh mé breithiúnas ar an Éigipt. Tuigfear ansin gur mise an Tiarna.”

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 30