16. Cuirfidh mé tine leis an Éigipt,beidh Sín faoi chlúdach scamaill,réabfar Nó as a chéile,beidh Nof i sáinn ó lá go lá.
17. Titfidh macra Ón agus Phí Beisit, leis an gclaíomh,rachaidh mná na gcathracha i mbraighdeanas.
18. Dorchóidh an lá i dTachpanaesnuair a bhrisfidh mé cuing na hÉigipte ansin,nuair a thiocfaidh deireadh lena neart mórchúiseach.Beidh sí faoi chlúdach scamaill,rachaidh a hiníonacha i mbraighdeanas.
19. “Sin mar a ghearrfaidh mé breithiúnas ar an Éigipt. Tuigfear ansin gur mise an Tiarna.”
20. San aonú bliain déag, ar an seachtú lá den chéad mhí, tháinig briathar an Tiarna chugam:
21. “A mhic an duine, bhris mé géag Fhorainn, rí na hÉigipte; ní dhearnadh é a cheangal lena leigheas, níor cuireadh bindealán air lena dhéanamh éifeachtach arís i gceann claímh.
22. Dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Tá mé in aghaidh Fhorainn, rí na hÉigipte, agus brisfidh mé a ghéaga, an ceann slán agus an ceann a bhí briste cheana, agus tabharfaidh mé ar an gclaíomh titim as a láimh.