Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 30:13-26 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. Seo mar a deir an Tiarna Dia:Scriosfaidh mé fós na híola,cuirfidh mé críoch le híomhánna NofFágfar an Éigipt gan taoiseach,scanróidh mé tír uile na hÉigipte.

14. Bánóidh mé Patros,cuirfidh tine le Zoan,gearrfaidh breithiúnas ar Nó.

15. Doirtfidh mé díoltas ar Shín,daingean na hÉigipte,coscroidh mé sluaite Nó.

16. Cuirfidh mé tine leis an Éigipt,beidh Sín faoi chlúdach scamaill,réabfar Nó as a chéile,beidh Nof i sáinn ó lá go lá.

17. Titfidh macra Ón agus Phí Beisit, leis an gclaíomh,rachaidh mná na gcathracha i mbraighdeanas.

18. Dorchóidh an lá i dTachpanaesnuair a bhrisfidh mé cuing na hÉigipte ansin,nuair a thiocfaidh deireadh lena neart mórchúiseach.Beidh sí faoi chlúdach scamaill,rachaidh a hiníonacha i mbraighdeanas.

19. “Sin mar a ghearrfaidh mé breithiúnas ar an Éigipt. Tuigfear ansin gur mise an Tiarna.”

20. San aonú bliain déag, ar an seachtú lá den chéad mhí, tháinig briathar an Tiarna chugam:

21. “A mhic an duine, bhris mé géag Fhorainn, rí na hÉigipte; ní dhearnadh é a cheangal lena leigheas, níor cuireadh bindealán air lena dhéanamh éifeachtach arís i gceann claímh.

22. Dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Tá mé in aghaidh Fhorainn, rí na hÉigipte, agus brisfidh mé a ghéaga, an ceann slán agus an ceann a bhí briste cheana, agus tabharfaidh mé ar an gclaíomh titim as a láimh.

23. Ruaigfidh mé na hÉigiptigh i measc na gciníocha, scaipfidh mé iad ar fud na dtíortha.

24. Neartóidh mé géaga rí na Bablóine agus cuirfidh mé mo chlaíomh ina láimh; ach brisfidh mé géaga Fhorainn agus beidh gach aon chnead as i láthair a namhad amhail duine a goineadh go marfach.

25. Neartóidh mé géaga rí na Bablóine ach titfidh géaga Fhorainn; agus tuigfidh siad gur mise an Tiarna. Nuair a chuirfidh mé mo chlaíomh i láimh rí na Bablóine sínfidh sé amach é ar thír na hÉigipte.

26. Ruaigfidh mé na hÉigiptigh i measc na gciníocha agus scaipfidh mé iad ar fud na dtíortha. Tuigfidh siad ansin gur mise an Tiarna.”

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 30