Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 30:1-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Tháinig briathar an Tiarna chugam:

2. “A mhic an duine, tairngir agus abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia:Caoin: ‘Mairg don lá!’

3. Óir tá an lá ar láimh,tá lá an Tiarna ar láimh;lá dorcha, scamallach a bheidh ann,deireadh ré do na ciníocha.

4. Tiocfaidh an claíomh ar an Éigipt;beidh scanradh ar an Aetóipnuair a thitfidh na mairbh san Éigipt,nuair a bhéarfar ar shiúl a maoinagus go réabfar a bunsraith.

5. “Muintir na hAetóipe, Pút agus Lúd, muintir na hAráibe agus na Libe, agus muintir thír an chonartha; titfidh siad ina gcuideachta leis an gclaíomh.

6. Seo mar a deir an Tiarna:Titfidh lucht taca na hÉigipte,rachaidh a neart mórchúiseach i laige,titfidh siad inti leis an gclaíomhó Mhigdeol go Saenéan Tiarna Dia a labhraíonn.

7. Bánófar íi measc na dtíortha a bheidh bánaithe,scriosfar a cathrachai measc na gcathracha a bheidh scriosta.

8. Tuigfidh siad ansin gur mise an Tiarna,nuair a chuirfidh mé tine leis an Éigipt,nuair a bhrisfear a tacaí go léir.

9. “An lá sin rachaidh teachtairí amach uaimse i longa a chur eagla ar na hAetópaigh neamhchúramacha. Tiocfáidh uafás orthu lá na hÉigipte; óir, féach é ag teacht!

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 30