Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 3:12-25 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. Thóg an spiorad in airde mé ansin agus chuala mé i mo dhiaidh clampar mór: “Moladh le glóir an Tiarna ina áit chónaithe.”

13. Sciatháin na n‑ainmhithe ag bualadh in aghaidh a chéile agus callán na rothaí lena n‑ais, ba iad seo an clampar mór.

14. Thóg an spiorad in airde mé agus rug leis mé, agus d'imigh mé faoi sheirfean agus faoi bhruth feirge agus lámh an Tiarna ag luí go trom orm.

15. Tháinig mé go Téil Áibíb chuig na deoraithe a bhí ag cur fúthu ar bhruach na habhann Ceabár. D'fhan mé ansin ina measc ar feadh seacht lá agus mé an-chorraithe.

16. I gcionn seacht lá tháinig briathar an Tiarna chugam:

17. “A mhic an duine, tá tú ceaptha agam mar fhear faire do mhuintir Iosrael. Nuair a chloisfidh tú focal uaimse tabhair rabhadh dóibh thar mo cheann.

18. Má deirim leis an drochdhuine: ‘Tá an bás i ndán duit cinnte’ agus gan tusa rabhadh a thabhairt dó, ná a mhí-iompar a chur ar a shúile don drochdhuine le focal na faire ionas go slánódh sé a bheatha, caillfear é de bharr a pheaca: ach éileoidh mé a fhuil ortsa.

19. Más amhlaidh, áfach, go dtabharfaidh tú rabhadh don drochdhuine agus nach dtréigfidh sé a mhí-iompar ná a dhrochimeachtaí, caillfear é de bharr a pheaca; ach slánóidh tusa do bheatha féin.

20. Arís, má thréigeann an fíréan a fhíréantacht agus peaca a dhéanamh agus mise constaic a chur sa bhealach roimhe, caillfear é. De bhrí nár thug tú rabhadh dó caillfear é de bharr a pheaca, agus an fhíréantacht a chleacht sé imeoidh sí as cuimhne: ach éileoidh mé a fhuil ortsa.

21. Más amhlaidh, áfach, go dtugann tú rabhadh don fhíréan gan peacú agus nach bpeacaíonn sé, slánófar é cinnte, de bhrí gur thug sé aird ar an rabhadh: agus beidh do bheatha féin slánaithe agat chomh maith.

22. Tháinig lámh an Tiarna orm ansin agus dúirt sé liom: Éirigh, imigh leat isteach sa ghleann, áit a labhróidh mé leat.”

23. D'éirigh mé agus ar aghaidh liom isteach sa ghleann agus féach, sheas glóir an Tiarna ansin dála na glóire a chonaic mé ag an abhainn Ceabár; agus shléacht mé go talamh.

24. Ansin tháinig an spiorad ionam agus chuir i mo sheasamh mé agus labhair liom.Dúirt sé liom: “Imigh agus druid tú féin istigh i do theach.

25. Agus tusa, a mhic an duine, cuirfear cuibhreacha ort anois, agus ceanglófar thú leo i dtreo nach mbeidh ar do chumas imeacht i measc an phobail.

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 3