Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 3:1-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. “A mhic an duine” ar sé, “ith mar a thairgtear duit, caith siar an scrolla seo agus imigh agus labhair le muintir Iosrael.”

2. D'oscail mé mo bhéal agus thug sé an scrolla dom le hithe,

3. agus dúirt: “A mhic an duine, ith an scrolla seo a thugaim duit agus sásaigh do ghoile leis.” D'ith mé é agus bhí blas na meala air i mo bhéal.

4. Dúirt sé liom ansin: “A mhic an duine, imigh chuig muintir Iosrael agus labhair mo bhriathra leo.

5. Níl tú do do sheoladh chuig daoine a labhraíonn teanga dothuigthe iasachta. Is chuig muintir Iosrael atáthar do do chur;

6. ní chuig a lán ciníocha a bhfuil teanga dheacair iasachta agus caint dhoiléir acu. Go deimhin, dá seolfainn chucusan thú d'éistfidís leat.

7. Ach ní éistfidh muintir Iosrael leat mar ní eistfidh siad liomsa. Is sotalach ceanndána iad muintir Iosrael go léir.

8. Ach anois, beidh tusa chomh sotalach ceanndána leo féin.

9. Déanfaidh mé do sheasmhacht amhail diamaint atá níos crua ná breochloch féin. Ná bíodh eagla ort rompu ná imní ort roimh a ndrochshúil, mar is ceannairceach an dream iad.”

10. Dúirt sé liom fosta: “A mhic an duine, gach focal a deirim leat glac chugat féin é agus éist leis go cúramach.

11. Imigh chuig na deoraithe de do mhuintir féin agus abair leo: ‘Mar seo a deir an Tiarna Dia,’ éistidís nó ná héistidís.”

12. Thóg an spiorad in airde mé ansin agus chuala mé i mo dhiaidh clampar mór: “Moladh le glóir an Tiarna ina áit chónaithe.”

13. Sciatháin na n‑ainmhithe ag bualadh in aghaidh a chéile agus callán na rothaí lena n‑ais, ba iad seo an clampar mór.

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 3