Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 29:7-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Nuair a rug siad greim ortbhris tú ina lámha,agus réab a nguaillí uile;nuair a lig siad taca leatbhris tú arísagus chuir a leasracha ar crith.

8. “Ar an ábhar sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, tabharfaidh mé an claíomh anuas ort agus coscróidh mé idir dhuine agus bheithíoch.

9. Fágfar an Éigipt ina fásach lom agus tuigfear ansin gur mise an Tiarna. De bhrí go ndúirt sé: ‘Is liomsa an Níl, mise a rinne í’;

10. dá bhrí sin tá mise i do choinne agus i gcoinne do shruthán. Fágfaidh mé an Éigipt ina fásach lom folamh ó Mhigdeol go Saené, fad le teorainn na hAetóipe.

11. Ní rachaidh cos duine tríd, ní mó a rachaidh crúb beithígh tríd; fágfar é gan cónaí ann go ceann daichead bliain.

12. Fágfaidh mé tír na hÉigipte ina fásach i measc tíortha fásaigh agus a cathracha scriosta i measc cathracha scriosta eile go ceann daichead bliain. Scaipfidh mé na hÉigiptigh i measc na gciníocha, agus cuirfidh mé an ruaig orthu ar fud na dtíortha.

13. Seo mar a deir an Tiarna Dia: i gcionn daichead bliain cruinneoidh mé na hÉigiptigh ó na ciníocha a raibh siad scaipthe ina measc.

14. Tabharfaidh mé braighdeanaigh na hÉigipte ar ais agus socróidh mé iad i dtír Phatros, tír a ndúchais, áit a ndéanfaidh siad ríocht uiríseal.

15. Beidh sí ar an ríocht is uirísle dá mbeidh ann agus ní bheidh smacht aici níos mó ar na ciníocha eile. Laghdóidh mé í ionas nach mbeidh sí arís i gceannas ar na ciníocha.

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 29