15. Beidh sí ar an ríocht is uirísle dá mbeidh ann agus ní bheidh smacht aici níos mó ar na ciníocha eile. Laghdóidh mé í ionas nach mbeidh sí arís i gceannas ar na ciníocha.
16. Ní hé amháin nach mbeidh sí ina crann taca ag muintir Iosrael ach cuirfidh sí a peacaí i gcuimhne do Iosrael nuair a iarrfaidh Iosrael cuidiú uirthi. Tuigfidh siad ansin gur mise an Tiarna Dia.”
17. Sa seachtú bliain is fiche, ar an gcéad lá den chéad mhí, tháinig briathar an Tiarna chugam:
18. “A mhic an duine, thug Nabúcadnazar, rí na Bablóine, ar a shlua saothar mór a dhéanamh in aghaidh na Tuíre. Rinneadh maol gach ceann agus lomadh craiceann gach gualainne; ach ina ainneoin sin ní bhfuair sé féin ná a shlua aon bhuntáiste ón Tuír ar son an tsaothair seo ina haghaidh.
19. Dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, tabharfaidh mé tír na hÉigipte do Nabúcadnazar, rí na Bablóine; tabharfaidh sé leis a maoin go léir idir éadáil agus chreach mar thuarastal dá shlua.
20. Tá mé ag tabhairt tír na hÉigipte dó mar luach a shaothair de bhrí gur oibrigh sé ar mo shonsa - an Tiarna Dia a labhraíonn.
21. “An lá sin tabharfaidh mé ar adharc eascairt as muintir Iosrael agus ligfidh mé duit do bhéal a oscailt chun labhairt leo. Tuigfidh siad ansin gur mise an Tiarna.”