Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 28:21-26 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

21. “A mhic an duine, iompaigh i dtreo Shíodóine agus tairngir ina héadan.

22. Abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia:Féach! tá mise i do choinne, a Shíodón;foilseoidh mé mo ghlóir tríotsa,agus tuigfidh siad gur mise an Tiarnanuair a ghearrfaidh mé breithiúnais uirthi,agus nuair a thaispeánfaidh mé mo naofacht inti.

23. Cuirfidh mé plá intiagus fuil ag rith ar na sráideanna.Titfidh na mairbh inti leis an gclaíomhina timpeall ar gach taobh,agus tuigfidh siad ansin gur mise an Tiarna.

24. Ní bheidh na comharsana tarcaisneacha arísmar dhris a scríobann,nó mar dhealg a stróiceann muintir Iosrael.Tuigfidh siad ansin gur mise an Tiarna Dia.

25. “Seo mar a deir an Tiarna Dia: Nuair a bhaileoidh mé muintir Iosrael as na ciníocha ina bhfuil siad scaipthe, is mar seo a thaispeánfaidh mé mo naofacht ina measc os comhar na gciníocha. Cuirfidh siad fúthu ina dtír féin, an tír a thug mé do Iacób, mo sheirbhíseach.

26. Cuirfidh siad fúthu ann le muinín, tógfaidh siad tithe cónaithe, cuirfidh síos fíonghoirt; cuirfidh siad fúthu ann le muinín. Nuair a ghearrfaidh mé breithiúnas ar na comharsana tarcaisneacha uile, tuigfidh siad gur mise an Tiarna, a nDia.”

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 28