Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 27:4-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Shín do theorainn amach go farraige;thug na saoir do sciamh chun foirfeachta.

5. Rinne siad do chláir uileas crainn ghiúise Shainír.Thug siad céadras ón Liobáina dhéanfadh crann seoil duit.

6. As daracha Bháiseána rinne siad do rámhaí.Chuir siad do bhord le chéilele péine as Insí na Mara,agus é maisithe le heabhar.

7. Ba línéadach mín ón Éigipt,ar a raibh obair bhróidnéirithe,do sheol agus do mheirge ar aon.Ba ghorm corcra do scáthbhrató insí Eilíseá.

8. Ba de mhuintir Shíodóine agus Arvaddo rámhaithe;bhí do shaoithe ar bord, a Thuír,mar lucht stiúrtha.

9. Bhí sinsir Ghabal,agus a fir dheaslámhacha ionat,ag calcadh do shiúntaí.Bhíodh loingeas na farraige uileagus a bhfoirne mairnéalachar cuairt trádála agat.

10. “Bhí fir na Peirse, Lúd agus Pút, ar do shlua gaiscíoch; chrochaidís an sciath agus an ceannbheart ionat; chuiridís le do dhea-chlú.

11. Bhí fir Arvad le do shlua ar do bhallaí máguaird agus fir Ghamád i do thúir. Chrochaidís a sciath ar do bhallaí máguaird; thug siad do scéimh chun foirfeachta.

12. Bhí Tairsís ag trádáil leat mar gheall ar mhéid do shaibhris. Malartaíodh airgead, iarann, stán agus luaidhe ar d'earraí.

13. Bhí Iáván, Túbal agus Meisic ag trádáil leat; mhalartaídís daoine agus soithigh phráis ar d'earraí.

14. Mhalartaíodh muintir Bhéit Tógarmá capaill, capaill chogaidh agus miúileanna ar d'earraí.

15. Bhí fir Dhéadán ina gceannaithe agat; bhí margaí mórán oileán faoi do réir; d'íoc siad thú le starrtha eabhair is éabainn.

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 27