Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 27:32-36 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

32. Tógfaidh siad olagón agus lógóireacht os do chionn,agus iad ag caoineadh ar do shon:Cé riamh a scriosadhmar a scriosadh an Tuír i lár na farraige?

33. Nuair a tháinig do lastaí i dtírchothaigh tú a lán daoine;shaibhrigh tú ríthe an domhainle méid do mhaoine is d'earraí.

34. Tá tú scriosta anois ag na huiscí,i ndoimhneacht na farraige móire;tá do lasta agus d'fhoireann báitemar aon leat féin.

35. Scanraigh an chinniúint muintir na n‑insí;tá uafás ar na ríthe iontuagus cuma bhuartha ar a ngnúiseanna.

36. Tá aos trádála na gciníochaag fonóid fút;tháinig deireadh tubaisteach leatagus ní bheidh tú ann arís choíche.’ ”

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 27