Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 27:20-29 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

20. Bhí Déadán ag trádáil leat i gcídeoga capaill.

21. Bhí an Aráib agus prionsaí uile Chéadar ag trádáil leat in uain, i reithí agus i ngabhair.

22. Thrádáil ceannaithe Sheabá agus Rámá leat, ag malartú leat ar d'earraí togha na n‑uile spíosraí, clocha luachmhara agus ór.

23. Thrádáil Hárán, Canae, Éidin, ceannaithe Sheabá, Aisiúr agus Chilmead leat.

24. Thrádáil siad leat in éadaí luachmhara, i gclócaí corcra ar a raibh obair bhróidnéirithe, i mbrait ildathacha agus i gcorda casta téagrach.

25. Tháinig longa Thairsís trasna na farraige chun do mhargaidh.Bhí lasta mór lomlán orti gceartlár na farraige.

26. Rámhaigh do rámhaithe thúamach ar an bhfarraige mhór.Bhris an ghaoth anoir thúi gceartlár na farraige.

27. Do shaibhreas, d'earraí, do lasta,d'fhoireann, do mhairnéalaigh,do chalcairí, do cheannaithe,do fhir chogaidh atá ar bord,agus do chomhluadar uile;rachaidh siad uile go tóin poilli gceartlár na farraigelá do longbhriste.

28. Nuair a sheolfaidhscread na mairnéalach ina gcluasa,crithfidh muintir na gcóstaí.

29. Tiocfaidh na rámhaithe anuas dá longa;na mairnéalaigh agus lucht farraige uile,fanfaidh siad ar an gcladach.

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 27