Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 27:12-25 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. Bhí Tairsís ag trádáil leat mar gheall ar mhéid do shaibhris. Malartaíodh airgead, iarann, stán agus luaidhe ar d'earraí.

13. Bhí Iáván, Túbal agus Meisic ag trádáil leat; mhalartaídís daoine agus soithigh phráis ar d'earraí.

14. Mhalartaíodh muintir Bhéit Tógarmá capaill, capaill chogaidh agus miúileanna ar d'earraí.

15. Bhí fir Dhéadán ina gceannaithe agat; bhí margaí mórán oileán faoi do réir; d'íoc siad thú le starrtha eabhair is éabainn.

16. Bhí trádáil ag Eadóm leat mar gheall ar iomad d'earraí; dhíolaidís ar do mhargadh carmhogail, corcra, obair bhróidnéirithe, línéadach mín, coiréal agus rúibíní.

17. Bhí trádáil ag Iúdá agus ag tír Iosrael leat fosta; dhíolaidís ar do mhargadh cruithneacht Mhinnít, [céir], mil, ola agus balsam.

18. Bhí an Damaisc ina ceannaí agat mar gheall ar fhlúirse d'earraí agus méid do shaibhris, fíon Heilbeon agus olann bhán ó Záchar.

19. Thug Dán agus Iáván, ó Úzál amach, iarann buailte, caisia agus calmas duit ar d'earraí.

20. Bhí Déadán ag trádáil leat i gcídeoga capaill.

21. Bhí an Aráib agus prionsaí uile Chéadar ag trádáil leat in uain, i reithí agus i ngabhair.

22. Thrádáil ceannaithe Sheabá agus Rámá leat, ag malartú leat ar d'earraí togha na n‑uile spíosraí, clocha luachmhara agus ór.

23. Thrádáil Hárán, Canae, Éidin, ceannaithe Sheabá, Aisiúr agus Chilmead leat.

24. Thrádáil siad leat in éadaí luachmhara, i gclócaí corcra ar a raibh obair bhróidnéirithe, i mbrait ildathacha agus i gcorda casta téagrach.

25. Tháinig longa Thairsís trasna na farraige chun do mhargaidh.Bhí lasta mór lomlán orti gceartlár na farraige.

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 27