Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 27:10-23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. “Bhí fir na Peirse, Lúd agus Pút, ar do shlua gaiscíoch; chrochaidís an sciath agus an ceannbheart ionat; chuiridís le do dhea-chlú.

11. Bhí fir Arvad le do shlua ar do bhallaí máguaird agus fir Ghamád i do thúir. Chrochaidís a sciath ar do bhallaí máguaird; thug siad do scéimh chun foirfeachta.

12. Bhí Tairsís ag trádáil leat mar gheall ar mhéid do shaibhris. Malartaíodh airgead, iarann, stán agus luaidhe ar d'earraí.

13. Bhí Iáván, Túbal agus Meisic ag trádáil leat; mhalartaídís daoine agus soithigh phráis ar d'earraí.

14. Mhalartaíodh muintir Bhéit Tógarmá capaill, capaill chogaidh agus miúileanna ar d'earraí.

15. Bhí fir Dhéadán ina gceannaithe agat; bhí margaí mórán oileán faoi do réir; d'íoc siad thú le starrtha eabhair is éabainn.

16. Bhí trádáil ag Eadóm leat mar gheall ar iomad d'earraí; dhíolaidís ar do mhargadh carmhogail, corcra, obair bhróidnéirithe, línéadach mín, coiréal agus rúibíní.

17. Bhí trádáil ag Iúdá agus ag tír Iosrael leat fosta; dhíolaidís ar do mhargadh cruithneacht Mhinnít, [céir], mil, ola agus balsam.

18. Bhí an Damaisc ina ceannaí agat mar gheall ar fhlúirse d'earraí agus méid do shaibhris, fíon Heilbeon agus olann bhán ó Záchar.

19. Thug Dán agus Iáván, ó Úzál amach, iarann buailte, caisia agus calmas duit ar d'earraí.

20. Bhí Déadán ag trádáil leat i gcídeoga capaill.

21. Bhí an Aráib agus prionsaí uile Chéadar ag trádáil leat in uain, i reithí agus i ngabhair.

22. Thrádáil ceannaithe Sheabá agus Rámá leat, ag malartú leat ar d'earraí togha na n‑uile spíosraí, clocha luachmhara agus ór.

23. Thrádáil Hárán, Canae, Éidin, ceannaithe Sheabá, Aisiúr agus Chilmead leat.

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 27