Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 26:12-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. Déanfar creach de do shaibhreas agus éadáil de d'earraí; réabfar do bhallaí agus scriosfar do thithe breátha, teilgfear do chlocha, do chláir adhmaid agus fiú do bhruscar cré, i lár na farraige.

13. Tabharfaidh mé ar do cheol agus ar d'amhráin cosc; ní chloisfear fuaim do chláirseach níos mó.

14. Fágfaidh mé thú i do charraig nocht, i d'ionad triomaithe eangacha; ní thógfar arís thú. Mise, an Tiarna, a dúirt - an Tiarna Dia a labhraíonn.

15. “Seo mar a deir an Tiarna Dia leis an Tuír: Nach rachaidh na hinsí ar crith le tormán do thitime, le cneadach na ndaoine gonta, agus leis an ár istigh?

16. Ansin tiocfaidh prionsaí uile na farraige anuas óna ríchathaoireacha, bainfidh sibh díobh a gclócaí, cuirfidh uathu a n‑éide bhróidnéirithe. Gléasfaidh siad iad féin agus scanradh orthu; suífidh siad ar an talamh ag crith gan stad, agus uafás orthu mar gheall ortsa.

17. Tógfaidh siad olagón ar do shon agus déarfaidh leat:‘Níl rian díot fágtha ar na farraigí,a chathair iomráiteach,a bhí láidir tráth ar an bhfarraige,tú féin agus d'áitritheoiría raibh an tír mhór uile scanraithe agaibh.

18. Anois critheann na hinsílá do thurnaimh;is cúis imní d'imeachtag insí na farraige.’

19. “Seo mar a deir an Tiarna Dia: Nuair a scriosfaidh mé thú mar chathair agus tú a fhágáil amhail cathracha gan lucht cónaithe iontu, nuair a thabharfaidh mé an t‑aigéan aníos os do chionn agus nuair a chlúdóidh na huiscí móra thú;

20. ansin teilgfidh mé síos thú leis an dream a théann síos go Seól, mar a bhfuil muintir an tseansaoil, agus suífidh mé thú thíos in íochtar an domhain in uaigneas síoraí leis an dream a théann síos go Seól, ionas nach mbeidh áit agat choíche arís i dtír na mbeo.

21. Déanfaidh mé uafás díot; ní mhairfidh tú níos mó. Cé go mbeifear ar do lorg ní bheidh teacht ag aon duine ort choíche arís - an Tiarna Dia a labhraíonn.”

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 26