1. San aonú bliain déag, ar an gcéad lá den mhí, tháinig briathar an Tiarna chugam:
2. “A mhic an duine, de bhrí go ndúirt an Tuír go fonóideach i gcoinne Iarúsailéim: ‘Tá geata na gciníocha briste, tá sé ar oscailt romham, beidh mo sháith agamsa anois ó tá sé scriosta,’
3. dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, a Thuír, tá mise i do choinne. Tabharfaidh mé ar mhórán ciníocha éirí i do choinne nuair a choipeann an fharraige na tonnta.
4. Réabfaidh siad ballaí na Tuíre, brisfidh siad anuas na túir inti; scríobfaidh mé an chré uaithi agus fágfaidh ina carraig nocht í.
5. Beidh sí mar ionad triomaithe eangacha i lár na farraige. Óir mise a dúirt - an Tiarna Dia a labhraíonn - beidh sí ina creach ag na ciníocha.
6. A hiníonacha ar tír mhór titfidh siad leis an gclaíomh, agus tuigfidh siad ansin gur mise an Tiarna.
7. “Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, seolfaidh mé Nabúcadnazar, rí na Bablóine, rí na ríthe, aduaidh i gcoinne na Tuíre, le capaill agus carbaid agus marcshlua - le comhthionól mór daoine.
8. Maróidh sé d'iníonacha leis an gclaíomh ar tír mhór; déanfaidh sé balla léigir i do choinne, tógfaidh sé móta cré i do choinne agus caithfidh suas sciath chosanta i do choinne.
9. Réabfaidh sé do bhallaí lena reithe cogaidh, leagfaidh sé do thúir lena oird mhóra.
10. Beidh a oiread capall aige go gclúdóidh an deannach thú; beidh do bhallaí ar crith agat le tormán an mharcshlua, na rothaí agus na gcarbad, agus é ag teacht isteach an geata amhail fear a thagann isteach i gcathair a cuireadh faoi chois.