Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 25:1-5 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Tháinig briathar an Tiarna chugam:

2. “A mhic an duine, iompaigh i dtreo na nAmónach agus tairngir ina n‑éadan.

3. Abair leis na hAmónaigh: Éistigí le briathar an Tiarna Dia. Seo mar a deir an Tiarna: De bhrí go ndúirt tú: ‘Há! Há!’ ag baint sult as truailliú mo shanctóra, as bánú thír Iosrael agus as deoraíocht mhuintir Iúdá;

4. dá bhrí sin uile, tabharfaidh mé suas thú mar ghabháltas do mhuintir an oirthir. Suífidh siad campa istigh i do lár agus cuirfidh siad fúthu ansin; íosfaidh siad do thorthaí agus ólfaidh siad do bhainne.

5. Déanfaidh mé páirc innilte do na camaill as Rábá agus banrach do chaoirigh as bailte Amón. Tuigfidh sibh ansin gur mise an Tiarna.

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 25