Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 24:18-27 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

18. D'inis mé an scéal sin don phobal ar maidin agus d'éag mo bhean chéile um thráthnóna. Maidin lá arna mhárach chuir mé i gcrích mar a ordaíodh dom.

19. Dúirt an pobal liom: “Nach n‑inseoidh tú dúinn cad é mar a bhaineann na gnóthaí seo agat linne?”

20. Dúirt mé leo ansin: “Tháinig briathar an Tiarna chugam:

21. ‘Abair le muintir Iosrael: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Tá mé ar tí mo shanctóir a thruailliú, togha bhur nirt, mian bhur súl, dúil bhur n‑anama. Bhur mic agus bhur n‑iníonacha, iadsan a fhágfaidh sibh in bhur ndiaidh, titfidh siad leis an gclaíomh.

22. Déanfaidh sibh mar a rinne mise; ní chlúdóidh sibh bhur mbéal, ní íosfaidh sibh arán na ndobrónach.

23. Caithfidh sibh an turban ar bhur gcinn agus na cuaráin ar bhur gcosa; ní dhéanfaidh sibh gol ná gearán, ach cnaífidh sibh de bharr bhur bpeacaí, mairgneoidh sibh in bhur measc féin.

24. Beidh Eizicéil ina chomhartha daoibh. Déanaigí de réir mar rinne seisean. Nuair a thitfidh seo amach tuigfidh sibh gur mise an Tiarna Dia.’

25. “Agus, a mhic an duine, an lá a mbainfidh mé a mic agus a n‑iníonacha díobh, gurb iad a neart, a ngairdeas agus a nglóir iad, mian a súl agus dúil a n‑anama;

26. an lá sin tiocfaidh fear ar a theitheadh ag insint an scéil duit.

27. An lá sin osclóidh do bhéal chun labhairt leis an bhfear ar a theitheadh; labhróidh tú agus ní bheidh tú balbh a thuilleadh. Beidh tú i do chomhartha dóibh agus tuigfidh siad gur mise an Tiarna.”

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 24