Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 23:30-44 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

30. a thug an drochíde seo anuas ort, de bhrí gur mheirdrigh tú leis na ciníocha agus gur thruailligh tú thú féin lena n‑íola.

31. Lean tú sampla do dheirféar; dá bharr sin tabharfaidh sé a corn i do láimh.

32. Seo mar a deir an Tiarna Dia:Ólfaidh tú as corn do dheirféargo domhain agus go fairsing,corn a tharraingíonn fonóid agus magadh ortle flúirse na dí.

33. Líonfar thú le meisce agus le doilíos.Corn an uafáis agus an dóláis,corn do dheirféar, an tSamáir,

34. ólfaidh tú, diúgfaidh tú é.[Stoithfidh tú do chuid gruaige,]réabfaidh tú do chíocha.“Mise a dúirt - an Tiarna Dia a labhraíonn.

35. Uime sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: De bhrí gur dhearmad tú mé agus gur thug tú cúl liom, ní mór duit díol as do ghraostacht agus do striapachas.”

36. Dúirt an Tiarna liom: “A mhic an duine, an toil leatsa breithiúnas a thabhairt ar Oholá agus ar Ohoilíbeá agus a n‑imeachtaí gránna a chur ina leith?

37. Óir rinne siad adhaltranas, tá fuil ar a lámha, rinne siad adhaltranas lena n‑íola. Na páistí a rug siad domsa rinne siad íobairtí dóite dá n‑íola díobh.

38. Tuilleadh fós a rinne siad orm, thruailligh siad mo shanctóir an lá céanna agus mhill siad mo shabóidí.

39. An uair a mharaigh siad a bpáistí mar íobairtí dá n‑íola tháinig siad faoi dhéin mo shanctóra-sa an lá céanna á thruailliú. Sea, sin mar a chruthaigh siad i mo theachsa.

40. “Níos measa fós, chuir siad fios trí theachtairí ar fhir teacht ó chian agus féach, tháinig siad. Nigh tú thú féin ar a son, dhathaigh tú do shúile, chóirigh tú thú féin le seoda;

41. shuigh tú ar leaba shómasach a raibh tábla lena hais ar ar chuir tú mo thúis agus m'ola.

42. Bhí ragairne an chomhluadair léi le cloisteáil os ard mar gheall ar an daoscar a tugadh isteach ón fhásach; chuir siad braisléid ar chaolta láimhe na mban agus corónacha breátha ar a gcinn.

43. Dúirt mé ansin: Nach ndéanann na fir seo adhaltranas anois nuair a mheirdríonn siad léi?

44. Óir chuaigh siad ina dáil amhail fir i ndáil striapaí. Ba mar seo a chuaigh siad i ndáil Oholá agus Ohoilíbeá, mná na graostachta.

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 23