Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 23:1-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Tháinig briathar an Tiarna chugam:

2. “A mhic an duine, bhí beirt bhan ann, iníonacha aon mháthar amháin.

3. Chuaigh siad le striapachas san Éigipt, chuaigh le striapachas le linn a n‑óige. Rugadh barróg ar a gcíocha ansin agus rinneadh muirniú ar a mbrollaigh mhaighdeanúla.

4. Oholá ab ainm don sinsear agus Ohoilíbeá dá deirfiúr. Ba liomsa iad agus rug siad mic agus iníonacha. I dtaobh a n‑ainmneacha de ba í an tSamáir Oholá agus Iarúsailéim Ohoilíbeá.

5. “Mheirdrigh Oholá nuair ba liomsa í; shuirigh sí lena leannáin na hAsaírigh, a comharsana,

6. laochra in éide chorcra, rialtóirí agus uaisle, iad uile ina n‑ógánaigh tharraingteacha, oilte ar mharcaíocht chapall.

7. Rinne sí a striapachas leo - ba iad uile togha na nAsaíreach - agus thruailligh sí í féin le híola cách a ndearna sí suirí leo.

8. Níor thréig sí an striapachas a chleacht sí san Éigipt ina hóige nuair a luigh fir léi ag breith ar a brollach maighdeanúil agus á truailliú lena ndrúis.

9. Uime sin, thug mé suas i lámha a leannán í, i lámha na nAsaíreach a ndearna sí suirí leo.

10. D'fhág siadsan í tarnocht, ghabh siad a mic agus a hiníonacha, mharaigh siad ise leis an gclaíomh; agus d'imigh a míchlú i mbéal na mban nuair a cuireadh an breithiúnas uirthi i gcrích.

11. “Cé go bhfaca a deirfiúr Ohoilíbeá é sin ba thruaillithe fós ise ina suirí, ba mheasa a mheirdrigh sí ná a deirfiúr.

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 23