Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 22:23-31 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

23. Tháinig briathar an Tiarna chugam:

24. “A mhic an duine, abair léi: Is tír thú nach bhfuair folcadh ná cith fearthainne lá na feirge;

25. a bhfuil na prionsaí istigh inti amhail leon buile a bheadh cíocrach chun na creiche. Shlog siad daoine siar, ghabh siad maoin agus seoda, d'fhág siad slua baintreach istigh inti.

26. Bhris a sagairt mo dhlí agus thruailligh siad mo shanctóirí. Ba chuma leo rud a bheith naofa ná coitianta, níor theagasc siad an difear idir glan agus neamhghlan, rinne siad neamhshuim de mo shabóidí sa chruth go bhfuil mé maslaithe eatarthu.

27. Tá na taoisigh léi istigh amhail mic tíre ag réabadh na creiche, ag doirteadh fola, ag marú daoine lena stór a ghoid.

28. [Dhathaigh] a fáithe na coireanna seo le brat aoil, lena bhfíseanna baotha agus a dtairngreachtaí bréige, ag rá: ‘Is mar seo a deir an Tiarna Dia’; nuair nár labhair an Tiarna ar chor ar bith.

29. Tá éagóir agus slad ar siúl ag muintir na tíre; chráigh siad an bochtán agus an t‑ainniseoir agus thug drochíde don chuairteoir gan fáth.

30. D'iarr mé fear orthu a thógfadh balla agus a sheasfadh sa bhearna ar son na tíre sa chruth nach millfinn é; ní bhfuair mé é.

31. Dá bhrí sin, dhoirt mé mo fhearg amach orthu; dhóigh mé iad le tine mo chuthaigh. Chúitigh mé a n‑iompar ar a gcinn féin - an Tiarna Dia a labhraíonn.”

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 22