Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 22:13-30 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. “Buailim bosa, dá bhrí sin, mar gheall ar do ghnóthú neamhionraic agus an fhuil a doirteadh in bhur measc.

14. An mbeidh tú in ann greim a choinneáil ar do mhisneach, nó do lámh a choinneáil láidir, an lá a dtabharfaidh mé chun cúitimh thú? Mise, an Tiarna, a labhair agus cuirfidh mé i gcrích é.

15. Ruaigfidh mé thú i measc na gciníocha, scaipfidh mé thú ar fud na dtíortha agus scagfaidh mé an salachar asat.

16. Gheobhaidh mé easonóir uait os comhair na gciníocha agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna.”

17. Tháinig briathar an Tiarna chugam:

18. “A mhic an duine, is suarach liom muintir Iosrael: amhail prás, stán, iarann agus luaidhe sa chorcán leáite, níl iontu go léir ach sail mhiotail.

19. Uime sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: De bhrí gur sail mhiotail sibh uile, féach, cruinneoidh mé isteach i lár Iarúsailéim sibh.

20. Mar a chruinnítear airgead agus prás, iarann, luaidhe agus stán sa chorcán chun tine a shéideadh orthu á leá, sin mar a chruinneoidh mé sibhse agus cuthach feirge orm; agus leáfaidh mé ann sibh.

21. Cruinneoidh mé sibh agus séidfidh mé oraibh le tine mo chuthaigh agus leáfar sibh i lár báire.

22. Mar a leáitear airgead i gcorcán leáite, sin mar a leáfar sibhse ina lár; agus tuigfidh sibh gur mise, an Tiarna, a dhoirt amach mo fhearg oraibh.”

23. Tháinig briathar an Tiarna chugam:

24. “A mhic an duine, abair léi: Is tír thú nach bhfuair folcadh ná cith fearthainne lá na feirge;

25. a bhfuil na prionsaí istigh inti amhail leon buile a bheadh cíocrach chun na creiche. Shlog siad daoine siar, ghabh siad maoin agus seoda, d'fhág siad slua baintreach istigh inti.

26. Bhris a sagairt mo dhlí agus thruailligh siad mo shanctóirí. Ba chuma leo rud a bheith naofa ná coitianta, níor theagasc siad an difear idir glan agus neamhghlan, rinne siad neamhshuim de mo shabóidí sa chruth go bhfuil mé maslaithe eatarthu.

27. Tá na taoisigh léi istigh amhail mic tíre ag réabadh na creiche, ag doirteadh fola, ag marú daoine lena stór a ghoid.

28. [Dhathaigh] a fáithe na coireanna seo le brat aoil, lena bhfíseanna baotha agus a dtairngreachtaí bréige, ag rá: ‘Is mar seo a deir an Tiarna Dia’; nuair nár labhair an Tiarna ar chor ar bith.

29. Tá éagóir agus slad ar siúl ag muintir na tíre; chráigh siad an bochtán agus an t‑ainniseoir agus thug drochíde don chuairteoir gan fáth.

30. D'iarr mé fear orthu a thógfadh balla agus a sheasfadh sa bhearna ar son na tíre sa chruth nach millfinn é; ní bhfuair mé é.

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 22