Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 21:26-37 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

26. Óir seasann rí na Bablóine ag an ngabhal ag ceann an dá bhealach a dhéanamh fáistine. Craitheann sé na saigheada, téann i gcomhairle leis an taráfaím, iniúchann na haenna.

27. Titeann an tuar do Iarúsailéim ina láimh dheas: ní mór dó focal spreagtha chun áir a thabhairt, gáir chatha a fhógairt, reithí cogaidh a dhíriú ar na geataí, mótaí cré agus ballaí léigir a thógáil.

28. Dar le muintir na cathrach, iadsan a thug mionna, is fáistine bhréige í. Ach cuirfidh seisean a gcionta i gcuimhne dóibh ionas go ngabhfar iad.

29. “Uime sin, is mar seo a deir an Tiarna: De bhrí gur thug sibh fianaise ar bhur gciontacht an oiread sin, gur fhoilsigh sibh bhur gcoireanna, agus gur léirigh sibh bhur bpeacaí in bhur n‑uile imeachtaí; de bharr na fianaise seo gearrfar pionós oraibh.

30. Agus fútsa, a phrionsa aindiaga urchóidigh Iosrael, a bhfuil lá do phionóis báis buailte leat,

31. déarfaidh an Tiarna: Tógfar uait an turban, bainfear díot an choróin; ní fhanfaidh an saol mar atá; ardófar an t‑íseal agus ísleofar an t‑ard.

32. Ar lár, ar lár, ar lár a fhágfaidh mé í. Ní fhanfaidh an lorg is lú di nó go dtiocfaidh an fear ceart; is dósan a thabharfaidh mé í.”

33. “Tusa, a mhic an duine, tairngir agus abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia faoi na hAmónaigh agus faoina masla: Abair: An claíomh, tá an claíomh ar tarraingt don ár, tá snas air chun scriosta agus chun drithlithe mar thintreach -

34. le linn d'fhíseanna baotha agus do chomhairle le fáistiní bréige - lena leagan ar mhuineál an lucht aindiaga urchóidigh a bhfuil lá a bpionóis báis buailte leo.

35. Cuir ar ais sa truaill é. Daorfaidh mé thú san áit ar cruthaíodh thú, i do thír dhúchais féin.

36. Silfidh mé mo dhíbheirg anuas ort, séidfidh mé tine mo chuthaigh i d'aghaidh, agus tabharfaidh mé suas thú i lámha lucht bhrúidiúil atá tugtha don scrios.

37. Beidh tú mar chonnadh don tine, beidh d'fhuil ag rith ar fud na tíre, ní chuimhneofar ort níos mó. Óir mise, an Tiarna, a labhair.”

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 21