Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 20:29-44 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

29. Dúirt mé leo ansin: Cad is ainm don áit ard a dtéann sibh chuige? Bámá a thugann siad air go dtí an lá inniu dá bhrí sin.

30. Uime sin, abair le muintir Iosrael: Seo mar a deir an Tiarna Dia: An dtruailleoidh sibhse sibh féin ar nós bhur n‑aithreacha, ag dul ar seachrán i ndiaidh a nithe gránna?

31. Má ofrálann sibh bhur mbronntanais, má íobraíonn sibh bhur gclann mhac sa tine, agus sibh féin a thruailliú le bhur n‑uile íola go dtí an lá inniu féin, an bhféadaim ligean daoibh dul i gcomhairle liom? Dar mo bheo - an Tiarna Dia a labhraíonn - ní rachaidh sibh i gcomhairle liom.

32. “Ní thitfidh sé amach ar chor ar bith de réir an smaoineamh seo in bhur n‑aigne: ‘Bímis amhail na náisiúin, amhail ciníocha na dtíortha, ag adhradh adhmaid agus cloiche.’

33. Dar mo bheo - an Tiarna Dia a labhraíonn - is mise go deimhin a bheidh ina rí oraibh le láimh láidir agus géag sínte agus taom feirge.

34. Tabharfaidh mé amach as na ciníocha sibh, cruinneoidh mé sibh le láimh láidir agus géag sínte agus taom feirge ó na tíortha inar scaipeadh sibh;

35. agus tabharfaidh mé sibh go Fásach na Náisiún, áit a ndaorfaidh mé sibh agus sinn i láthair a chéile.

36. Dála mar a dhaor mé bhur n‑aithreacha san fhásach i dtír na hÉigipte, daorfaidh mé sibhse mar an gcéanna - an Tiarna Dia a labhraíonn.

37. Tabharfaidh mé oraibh siúl faoi mo shlat; tabharfaidh mé sibh faoi chuing an chonartha.

38. Scagfaidh mé na ceannaircigh as bhur measc, iadsan a d'éirigh amach i mo choinne. Tabharfaidh mé amach iad as an tír ina gcónaíonn siad, ach ní bhainfidh siad tír Iosrael amach; agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna.

39. “Seo mar a deir an Tiarna Dia: Mura toil libh éisteacht liomsa, a mhuintir Iosrael, imígí libh, ní amháin anois ach as seo amach, gach duine agaibh faoi réir bhur n‑íol féin. Ach ní thruailleoidh sibh m'ainm naofa níos mó le bhur mbronntanais agus le bhur n‑íola.

40. Óir, ar mo shliabh naofa, ar shliabh ard Iosrael - an Tiarna Dia a labhraíonn - riarfaidh muintir Iosrael go léir orm, gach duine acu atá sa tír. Fáilteoidh mé romhaibh ansin agus beidh mé ag súil le bhur mbronntanais, le togha bhur dtíolacthaí agus bhur n‑íobairtí naofa go léir.

41. Fáilteoidh mé romhaibh amhail roimh bholadh cumhra nuair a thabharfaidh mé sibh as na ciníocha, nuair a chruinneoidh mé sibh as na tíortha inar scaipeadh sibh; agus foilseoidh mé mo naofacht ionaibh os comhair na gciníocha.

42. Tuigfidh sibh gur mise an Tiarna nuair a thabharfaidh mé go tír Iosrael sibh, an tír a mhionnaigh mé a bhronnadh ar bhur n‑aithreacha.

43. Cuimhneoidh sibh ansin ar bhur mbealaí agus ar bhur ngníomhartha lenar truaillíodh sibh; agus tabharfaidh sibh fuath daoibh féin as an uile pheaca dar chleacht sibh.

44. Tuigfidh sibh ansin gur mise an Tiarna nuair a roinnfidh mé libh ar mhaithe le m'ainm féin, agus ní de réir bhur ndrochimeachtaí ná bhur ndrochnósanna, a mhuintir Iosrael - an Tiarna Dia a labhraíonn.”

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 20