Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 20:18-30 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

18. “Dúirt mé lena gclann san fhásach: Ná siúlaigí de réir reachtanna bhur n‑aithreacha, ná comhlíonaigí a ndeasghnátha, ná truailligí sibh féin lena n‑íola.

19. Is mise an Tiarna, bhur nDia. Siúlaigí de réir mo reachtanna agus comhlíonaigí mo dheasghnátha go cúramach.

20. Naomhaígí mo shabóidí ionas go mba chomhartha iad idir mise agus sibhse, ionas go dtuigfidh sibh gur mise, an Tiarna, bhur nDia.

21. Ach d'éirigh an chlann amach i mo choinne; níor shiúil siad de réir mo reachtanna, níor chomhlíon siad mo dheasghnátha go cúramach a bhfuil beatha an duine ag brath ar a gcomhlíonadh, thruailligh siad mo shabóidí.“Shocraigh mé ansin mo dhíbheirg a dhoirteadh anuas orthu agus mo chuthach a ídiú orthu san fhásach.

22. Ach tharraing mé siar agus d'oibrigh ar mhaithe le m'ainm, ionas nach dtruailleofaí é os comhair na gciníocha, os a gcomhair siúd ar sheol mé amach iad.

23. Lena chois sin mhionnaigh mé dóibh san fhásach go scaoilfinn i measc na gciníocha iad agus go scaipfinn iad ar fud na dtíortha;

24. de bhrí nár chomhlíon siad mo dheasghnátha ach gur dhiúltaigh siad do mo reachtanna agus gur thruailligh siad mo shabóidí agus go raibh lán na súl á bhaint acu as íola a n‑aithreacha.

25. Uime sin, thug mé reachtanna gan tairbhe dóibh agus deasghnátha nach dtabharfadh beatha dóibh.

26. Thruailligh mé iad lena mbronntanais féin, ag tabhairt orthu a gcéadghinte a íobairt le tine, ionas go mbuailfeadh uafás iad; rinne mé amhlaidh le go dtuigfidís gur mise an Tiarna.

27. “Dá bhrí sin, a mhic an duine, labhair le muintir Iosrael. Abair leo: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Mhaslaigh bhur n‑aithreacha mé sa rud seo arís trí fheall a imirt orm.

28. Nuair a thug mé isteach iad sa tír a mhionnaigh mé a thabhairt dóibh, d'ofrálaidís a n‑íobairtí agus a mbronntanais bhearránacha, aon áit a bhfeicidís cnoc ard nó crann duilleach. Ansin mar an gcéanna a scaoilidís a mboladh cumhra agus a dhoirtidís a ndeochanna ofrála.

29. Dúirt mé leo ansin: Cad is ainm don áit ard a dtéann sibh chuige? Bámá a thugann siad air go dtí an lá inniu dá bhrí sin.

30. Uime sin, abair le muintir Iosrael: Seo mar a deir an Tiarna Dia: An dtruailleoidh sibhse sibh féin ar nós bhur n‑aithreacha, ag dul ar seachrán i ndiaidh a nithe gránna?

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 20