9. Ghabh siad i gcarcair é le crúcaíagus rug leo é go rí na Bablóine;chuir siad i mbraighdeanas éionas nach gcluinfí a ghlór arísar shléibhte Iosrael.’
10. Bhí do mháthair amhail fíniúina cuireadh i gcóngar an uisce.
11. D'fhás an ghéag ba láidreina slat ríoga;d'fhás sí go han-ardos cionn na dtiúchraobhacha.Ba shofheicthe í ar a hairdeagus ar mhothall a duilliúir.
12. Ach réabadh as a fréamh í,teilgeadh ar lár í le fearg;seargadh a toradh ag an ngaoth anoir,chríon an ghéag láidir,dhóigh an tine í go léir.
13. Tá sí athchurtha anois san fhásach,in ithir thirim thartmhar.
14. Chuaigh tine amach ón tamhan,a dhóigh idir ghéaga agus thoradh;tá deireadh leis an gcraobh láidir,deireadh leis an tslat ríoga.’ ”Is tuireamh é sin agus glactar leis amhlaidh.