1. “Ach sibhse, tógaigí tuireamh ar son phrionsaí Iosrael.
2. Abraigí:‘Cad ba mháthair duit?Leon baineann i measc leon.Ina luí idir na leoin ógad'oil sí na coileáin.
3. Thóg sí coileán acu agus d'fhás sé ina leon óg;d'fhoghlaim sé breith ar an gcreach,agus thosaigh ag alpadh fear.
4. Thóg na ciníocha an gháir ina choinne,gabhadh ina bpoll é;agus thug siad le crucaígo tír na hÉigipte é.
5. Nuair a chonaic [an mháthair] í féin cloíteagus ábhar a dóchais caillte,ghlac sí coileán eile dá cuidagus thóg ina leon óg é.