Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 19:1-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. “Ach sibhse, tógaigí tuireamh ar son phrionsaí Iosrael.

2. Abraigí:‘Cad ba mháthair duit?Leon baineann i measc leon.Ina luí idir na leoin ógad'oil sí na coileáin.

3. Thóg sí coileán acu agus d'fhás sé ina leon óg;d'fhoghlaim sé breith ar an gcreach,agus thosaigh ag alpadh fear.

4. Thóg na ciníocha an gháir ina choinne,gabhadh ina bpoll é;agus thug siad le crucaígo tír na hÉigipte é.

5. Nuair a chonaic [an mháthair] í féin cloíteagus ábhar a dóchais caillte,ghlac sí coileán eile dá cuidagus thóg ina leon óg é.

6. Chuaigh sé ar a sheilg i measc na leon,d'fhás ina leon óg,d'fhoghlaim sé breith ar an gcreachagus thosaigh ag alpadh fear.

7. Scrios sé a gcaisleáinagus bhánaigh a gcathracha;scanraigh an tír agus a raibh intiag callán a bhúiríola.

8. Ghluais na ciníocha ansin ina choinneó na cúigí máguaird;leathnaigh siad a n‑eangach thairis;gabhadh ina bpoll é.

9. Ghabh siad i gcarcair é le crúcaíagus rug leo é go rí na Bablóine;chuir siad i mbraighdeanas éionas nach gcluinfí a ghlór arísar shléibhte Iosrael.’

10. Bhí do mháthair amhail fíniúina cuireadh i gcóngar an uisce.

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 19