Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 17:2-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. “A mhic an duine, cuir tomhas amach, inis fáthscéal do mhuintir Iosrael.

3. Abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia:Iolar mór,mórsciathánach, fadeiteogach,le clúmh tiubh ildathach,a tháinig go dtí an Liobáin.Rug sé ar bharr an chéadrais,

4. bhris an beangán úr ar bharr,thug leis é go tír thráchtála,agus leag síos é i gcathair cheannaithe.

5. Ansin ghlac sé de shíol fíniúna,agus chuir in ithir thorthúil é,i gcóngar uiscí líonmhara,á chur mar chraobhóg shailí.

6. Ghin an síol agus d'fhás ina fhíniúin,a bhí íseal agus leathan.D'fhás na géaga i dtreo an iolairagus na fréamhacha síos sa talamh.Tháinig ann dó mar fhíniúin,thug géaga uaidh agus chuir amach duilliúir.

7. Bhí iolar mór [eile] ann,mórsciathánach, dlúthchlúmhach.Féach, chlaon an fhíniúina fréamhacha ina threo,agus scaoil a géaga ina threo,amach ón gceapach inar síoladh í,ionas go n‑uisceodh sé í.

8. Ba in ithir thorthúili gcóngar uiscí líonmharaa cuireadh an fhíniúin,chun géaga a fhás, chun torthaí a bhreith,agus aibiú mar fhíniúin uasal.

9. Abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia:An mbeidh an rath uirthi seo?Nach mbrisfidh an t‑iolar na fréamhachaagus na torthaí a ropadh leis,ionas go bhfeofaidh an duilliúr úrnuair a phéacfaidh sé?Ní bheidh gá le neart ná le slualena tarraingt aníos ó na fréamhacha.

10. Tá sí curtha ansin; an mbeidh an rath uirthi?Nach seargfaidh sínuair a shéideann an ghaoth anoir uirthi?Nach bhfeofaidh sí san ithir inar fhás?”

11. Tháinig briathar an Tiarna chugam ansin:

12. “Abair leis an dream ceannairceach sin: ‘Nach dtuigeann sibh cad is ciall leis na nithe seo?’ Inis dóibh: Féach, tháinig rí na Bablóine go Iarúsailéim; ghabh sé an rí agus na prionsaí agus thug leis iad chun na Bablóine.

13. Ghlac sé fear de shíol na rí agus rinne conradh leis, á chur faoi bhrí na mionn. Ghabh sé cheana féin taoisigh na tíre

14. ionas go mbeadh an ríocht uiríseal gan éirí in airde agus go bhfanfadh sí dílis don chonradh agus go mairfeadh.

15. Ach d'éirigh [an prionsa] amach agus chuir teachtaí chun na hÉigipte, ionas go dtabharfaidís capaill agus slua fear dó. An n‑éireoidh leis? An rachaidh a leithéid seo d'fhear slán? An bhfuil sé i ndán d'fhear briste an chonartha dul slán?

16. Dar mo bheo - an Tiarna Dia a labhraíonn - dar mo fhocal, gheobhaidh sé bás in áit chónaithe an rí a bhfuair sé an choróin uaidh, is é sin, sa Bhablóin. Óir mhaslaigh sé a mhionn agus bhris a chonradh.

17. Ní dhéanfaidh Forann tarrtháil air sa chogadh lena shlua neartmhar agus a mhórchuideachta, ainneoin na mótaí cré agus na mballaí léigir a thógfaí, agus an méid a mharófaí, sa tógáil.

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 17