Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 17:16-24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

16. Dar mo bheo - an Tiarna Dia a labhraíonn - dar mo fhocal, gheobhaidh sé bás in áit chónaithe an rí a bhfuair sé an choróin uaidh, is é sin, sa Bhablóin. Óir mhaslaigh sé a mhionn agus bhris a chonradh.

17. Ní dhéanfaidh Forann tarrtháil air sa chogadh lena shlua neartmhar agus a mhórchuideachta, ainneoin na mótaí cré agus na mballaí léigir a thógfaí, agus an méid a mharófaí, sa tógáil.

18. De bhrí gur mhaslaigh sé an mionn agus gur bhris an conradh a raibh sé fós faoi cheangal aige; dá bhrí sin uile, ní rachaidh sé slán.

19. “Uime sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Dar mo bheo, mo mhionn a mhaslaigh sé agus mo chonradh a bhris sé, cúiteoidh mé iad ar a cheann féin.

20. Leathfaidh mé m'eangach thairis agus rachaidh sé i bhfostú i mo mhogaill; tabharfaidh mé liom chuig an Bhablóin é agus gearrfaidh mé pionós air ansin mar gheall ar an bhfeall a d'imir sé orm.

21. Titfidh togha a shlua leis an gclaíomh agus scaipfear an t‑iarmhar le gach gaoth; agus aithneoidh tú gur mise, an Tiarna, a labhair.

22. Seo mar a deir an Tiarna Dia:Ó bharr an chéadrais,ón ngéag is airde degearrfaidh mé maothánagus cuirfidh é ar shliabh ard beannach;

23. ar bharr shliabh Iosrael a chuirfidh mé é.Ginfidh sé géaga agus béarfaidh toradh,agus beidh ina chéadras breá.Cónóidh gach sórt éin faoi,lonnóidh gach dúil sciathánach faoi scáth a ghéag.

24. Agus tuigfidh gach crann sa pháircgur mise, an Tiarna,a leagann an crann ard,agus a thógann an ceann íseal,a sheargann an crann glasagus a bhláthaíonn an ceann críon.Mise, an Tiarna; a labhairagus déanfaidh mé beart dá réir.”

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 17