Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 17:12-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. “Abair leis an dream ceannairceach sin: ‘Nach dtuigeann sibh cad is ciall leis na nithe seo?’ Inis dóibh: Féach, tháinig rí na Bablóine go Iarúsailéim; ghabh sé an rí agus na prionsaí agus thug leis iad chun na Bablóine.

13. Ghlac sé fear de shíol na rí agus rinne conradh leis, á chur faoi bhrí na mionn. Ghabh sé cheana féin taoisigh na tíre

14. ionas go mbeadh an ríocht uiríseal gan éirí in airde agus go bhfanfadh sí dílis don chonradh agus go mairfeadh.

15. Ach d'éirigh [an prionsa] amach agus chuir teachtaí chun na hÉigipte, ionas go dtabharfaidís capaill agus slua fear dó. An n‑éireoidh leis? An rachaidh a leithéid seo d'fhear slán? An bhfuil sé i ndán d'fhear briste an chonartha dul slán?

16. Dar mo bheo - an Tiarna Dia a labhraíonn - dar mo fhocal, gheobhaidh sé bás in áit chónaithe an rí a bhfuair sé an choróin uaidh, is é sin, sa Bhablóin. Óir mhaslaigh sé a mhionn agus bhris a chonradh.

17. Ní dhéanfaidh Forann tarrtháil air sa chogadh lena shlua neartmhar agus a mhórchuideachta, ainneoin na mótaí cré agus na mballaí léigir a thógfaí, agus an méid a mharófaí, sa tógáil.

18. De bhrí gur mhaslaigh sé an mionn agus gur bhris an conradh a raibh sé fós faoi cheangal aige; dá bhrí sin uile, ní rachaidh sé slán.

19. “Uime sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Dar mo bheo, mo mhionn a mhaslaigh sé agus mo chonradh a bhris sé, cúiteoidh mé iad ar a cheann féin.

20. Leathfaidh mé m'eangach thairis agus rachaidh sé i bhfostú i mo mhogaill; tabharfaidh mé liom chuig an Bhablóin é agus gearrfaidh mé pionós air ansin mar gheall ar an bhfeall a d'imir sé orm.

21. Titfidh togha a shlua leis an gclaíomh agus scaipfear an t‑iarmhar le gach gaoth; agus aithneoidh tú gur mise, an Tiarna, a labhair.

22. Seo mar a deir an Tiarna Dia:Ó bharr an chéadrais,ón ngéag is airde degearrfaidh mé maothánagus cuirfidh é ar shliabh ard beannach;

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 17