Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 16:7-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. agus fás amhail féar na páirce.’ D'fhás tú, mhéadaigh agus tháinig ann duit; bhí do chíocha cumtha agus do ghruaig fásta, ach bhí tú lom tarnocht go fóill.

8. Ar ghabháil tharat arís dom d'amharc mé ort. Bhí tú aibí chun grá; leath mé beann mo chlóca ort agus chlúdaigh do tharnochtacht: sea, thug mé mionn duit, chuaigh mé i gconradh leat - an Tiarna Dia a labhraíonn - agus ba liomsa thú.

9. Ansin nigh mé thú le huisce, nigh mé fós do fhuil uait agus chuir mé ola ort.

10. Thug mé éadach bróidnéirithe duit, bróga leathair, filéad lín agus clóca síoda.

11. Sciamhaigh mé thú le hornáidí, le bráisléid thar chaolta do lámh agus slabhra faoi do mhuineál.

12. Chuir mé fáinne ar do shrón, cluasfháinní ar do chluasa agus coróin niamhrach ar do cheann.

13. Mar sin a maisíodh thú le hór agus le hairgead. Ba de líon mín agus de shíoda bróidnéirithe do chuid éadaí; plúr mín, mil agus ola a bhí mar bhia agat. D'éirigh tú an-sciamhach agus tháinig tú in inmhe banríona.

14. Craoladh clú do scéimhe ar fud na gciníocha, óir bhí sí foirfe de thairbhe na niamhrachta a bhronn mise ort - an Tiarna Dia a labhraíonn.

15. “Ach d'éirigh tú teann as clú d'áilleachta; bhain tú feidhm as do chlú le haghaidh striapachais agus dhoirt tú do dhrúis amach ar chách a chuaigh an bealach.

16. Ghlac tú de d'éadach agus chóirigh tú áiteanna arda le dathanna éagsúla de agus ba ansin a mheirdrigh tú; a leithéid ní raibh riamh agus ní bheidh arís.

17. Ghlac tú fosta na seoda gleoite óir agus airgid a bhronn mise ort; rinne tú íomhánna daonna leo ionas go meirdreofá ina gcuideachta.

18. Chlúdaigh tú iad le d'éadach bróidnéirithe agus d'ofráil tú m'ola agus mo thúis dóibh.

19. Mar an gcéanna, an t‑arán a thug mé duit, an plúr mín, an ola agus an mhil lenar chothaigh mé thú, d'ofráil tú dóibh iad mar bholadh cumhra - an Tiarna Dia a labhraíonn.

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 16