Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 16:48-63 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

48. Dar mo bheatha - an Tiarna Dia a labhraíonn - ní dhearna Sodom féin agus a clann iníonacha mar a rinne tusa agus d'iníonacha.

49. Ba í seo ciontacht Shodom, do dheirfiúr, agus a hiníonacha: bhí siad díomasach, craosach, tugtha don sámhas, ach níor tháinig i gcabhair ar an mbochtán ná ar an ainniseoir.

50. Ba ardnósach iad agus bhí imeachtaí gránna ar siúl acu os mo chomhair; uime sin, ar a bhfeiceáil dom scuab mé amach iad.

51. Mar sin féin níor pheacaigh an tSamáir leath chomh mór agus a pheacaigh tusa, bhí imeachtaí níba ghránna ar siúl agat ná mar bhí acusan; go deimhin chuir tú cuma na fíréantachta ar do dheirfiúracha trí mhéid na n‑imeachtaí gránna seo agat féin.

52. Fulaing do náire mar gur chlaon tú an breithiúnas i leith do dheirfiúracha; is córa iadsan ná tusa de bhrí gur pheacaigh tú níba ghránna ná iadsan. Sea, bíodh náire ort féin agus fulaing an náire gur chuir tú cuma na fíréantachta ar do dheirfiúracha.

53. “Tabharfaidh mé ar ais chucu féin Sodom agus a hiníonacha, agus an tSamáir agus a hiníonacha. Tabharfaidh mé tusa ar ais chugat féin i lár báire,

54. ionas go bhfulaingeoidh tú d'ísliú céime, go mbeidh náire ort as a ndearna tú agus go mbeidh tú i do shólás acusan.

55. Do dheirfiúracha, Sodom agus a hiníonacha, fillfidh siad ar a ndúchas; tú féin agus d'iníonacha fillfidh sibhse ar bhur ndúchas.

56. Nach raibh Sodom do dheirfiúr ina hábhar seanchais agat lá do dhíomais

57. sular foilsíodh d'olc? Tá tú anois ar aon dul léi; is díol aithise thú ag iníonacha Eadóm agus a comharsana, agus ag iníonacha na bhFilistíneach máguaird a chaitheann drochmheas leat.

58. Tá tú ag díol as do ghraostacht agus as d'imeachtaí gránna - an Tiarna Dia a labhraíonn.

59. “Seo mar a deir an Tiarna Dia: Sea, roinnfidh mé leat mar atá tuillte agat, tusa a mhaslaigh an gealltanas nuair a bhris tú an conradh;

60. ach cuimhneoidh mise ar an gconradh a rinne mé leat nuair a bhí tú óg, agus bunóidh mé conradh leat a mhairfidh go deo.

61. Cuimhneoidh tú ansin ar do ghníomhartha agus beidh náire ort nuair a ghlacfaidh mé do dheirfiúracha, an sinsear agus an t‑óg, lena mbronnadh ort mar iníonacha, cé nach den chonradh leat é seo.

62. Daingneoidh mé mo chonradh leat agus tuigfidh tú gur mise an Tiarna,

63. ionas go mba chuimhin leat agus go gcuirfí cotadh ort agus go gcuirfí i do thost go deo thú de bharr do náire, nuair a mhaithfidh mise duit a bhfuil déanta agat - an Tiarna Dia a labhraíonn.”

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 16