Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 16:40-54 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

40. Gríosóidh siad slua i do choinne, clochfaidh siad thú, sáfaidh siad claíomh tríot.

41. Dófaidh siad do thithe agus daorfaidh siad thú os comhair na sluaite ban; tabharfaidh mé ort éirí as an striapachas agus as fostú na leannán a thuilleadh.

42. Ídeoidh mé mo chuthach ort agus imeoidh m'éad uait; ciúnóidh mé agus ní bheidh fearg orm arís.

43. De bhrí nár chuimhin leat laethanta d'óige agus gur spreag tú fearg ionam leis na nithe seo uile; dá bhrí sin, cúiteoidh mé do ghníomhartha ar do cheann féin - an Tiarna Dia a labhraíonn. Nach raibh tú graosta sa bhreis ar d'imeachtaí gránna eile?

44. “Lucht seanfhocla a chur trí chéile inseoidh siad an seanfhocal seo fútsa: Ba dual máthar di.

45. Is fíoriníon le do mháthair thú, léisean a thug fuath dá céile agus dá clann; agus is deirfiúr le do [dheirfiúracha] thú, leosan a thug fuath dá gcéilí agus dá gclanna. Ba Hiteach do mháthair agus Amórach d'athair.

46. Is í an tSamáir do dheirfiúr shinsir a chónaigh lena clann iníonacha ó thuaidh uait, agus is í Sodom do dheirfiúr óg, ise a chónaigh lena clann iníonacha ó dheas.

47. Ach níor [leor leatsa] siúl de réir a ngníomharthasan ná de réir a n‑imeachtaí gránna; i gceann tamaill bhig bhí tú níba thruaillithe ná iad féin.

48. Dar mo bheatha - an Tiarna Dia a labhraíonn - ní dhearna Sodom féin agus a clann iníonacha mar a rinne tusa agus d'iníonacha.

49. Ba í seo ciontacht Shodom, do dheirfiúr, agus a hiníonacha: bhí siad díomasach, craosach, tugtha don sámhas, ach níor tháinig i gcabhair ar an mbochtán ná ar an ainniseoir.

50. Ba ardnósach iad agus bhí imeachtaí gránna ar siúl acu os mo chomhair; uime sin, ar a bhfeiceáil dom scuab mé amach iad.

51. Mar sin féin níor pheacaigh an tSamáir leath chomh mór agus a pheacaigh tusa, bhí imeachtaí níba ghránna ar siúl agat ná mar bhí acusan; go deimhin chuir tú cuma na fíréantachta ar do dheirfiúracha trí mhéid na n‑imeachtaí gránna seo agat féin.

52. Fulaing do náire mar gur chlaon tú an breithiúnas i leith do dheirfiúracha; is córa iadsan ná tusa de bhrí gur pheacaigh tú níba ghránna ná iadsan. Sea, bíodh náire ort féin agus fulaing an náire gur chuir tú cuma na fíréantachta ar do dheirfiúracha.

53. “Tabharfaidh mé ar ais chucu féin Sodom agus a hiníonacha, agus an tSamáir agus a hiníonacha. Tabharfaidh mé tusa ar ais chugat féin i lár báire,

54. ionas go bhfulaingeoidh tú d'ísliú céime, go mbeidh náire ort as a ndearna tú agus go mbeidh tú i do shólás acusan.

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 16