Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 16:26-42 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

26. Mheirdrigh tú fosta leis na hÉigiptigh, do chomharsana drúisiúla; mhéadaigh tú an striapachas le mo ghríosúsa chun feirge.

27. Dá bhrí sin shín mé mo lámh amach i do choinne. Laghdaigh mé do sciar bia, d'fhág mé thú i muinín do naimhde, iníonacha na bhFilistíneach, a gcuireann do striapachas déistin orthu.

28. Mheirdrigh tú mar an gcéanna leis na hAsaírigh toisc tú a bheith doriartha; sea, mheirdrigh tú leo agus níorbh fhéidir do shásamh.

29. Mhéadaigh tú do dhrúis i dtír Chanán agus sa Chaildéa, agus leis seo fós ní raibh tú sásta.

30. “Nach lag do chroí - an Tiarna Dia a labhraíonn - leis na nithe seo, obair striapaí dána, a dhéanamh,

31. ag tógáil d'ardáin ag ceann gach sráide agus d'ardionaid ag gach crosbhóthar? Ach murab ionann agus striapach ní ghlacfá airgead.

32. Fáiltíonn banadhaltrach roimh choimhthígh in áit a céile féin.

33. Tugtar bronntanais don striapach. Ach is tusa a thugann na bronntanais do d'aos grá uile; fostaíonn tú iad don striapachas ó gach uile aird.

34. Ba neamhchosúil thú leis na mná eile sa striapachas duit: níor gríosaíodh tusa chun striapachais. Tú féin a d'fhostaigh nuair nár fostaíodh tusa. Ar an dóigh seo ba neamhchosúil leo siúd thú.

35. “Uime sin, a striapach, éist le briathar an Tiarna.

36. Seo mar a deir an Tiarna Dia: De bhrí gur thaispeáin tú thú féin gan náire agus go bhfacthas tarnocht thú sa striapachas le do leannáin, agus mar gheall ar d'íola agus fuil do chlainne a thug tú dóibh;

37. dá bhrí sin uile, cruinneoidh mé an t‑aos grá uile lenar ghlac tú sámhas, iadsan a thaitin agus iadsan nár thaitin leat, tabharfaidh mé le chéile os do chomhair iad ó gach aird; taispeánfaidh mé dóibh thú gan chlúid, ionas go bhfeicfidh siad thú tarnocht.

38. Tabharfaidh mé an breithiúnas ort a thugtar ar mhná a bhriseann cuing phósta agus a dhoirteann fuil, agus doirtfidh mé d'fhuil féin go héadmhar feargach.

39. Tabharfaidh mé suas thú do do leannáin, réabfaidh siad d'ardán agus scriosfaidh d'ardionaid; bainfidh siad do chuid éadaí díot, ropfaidh siad chun siúil do sheoda breátha agus fágfaidh siad thú lom tarnocht.

40. Gríosóidh siad slua i do choinne, clochfaidh siad thú, sáfaidh siad claíomh tríot.

41. Dófaidh siad do thithe agus daorfaidh siad thú os comhair na sluaite ban; tabharfaidh mé ort éirí as an striapachas agus as fostú na leannán a thuilleadh.

42. Ídeoidh mé mo chuthach ort agus imeoidh m'éad uait; ciúnóidh mé agus ní bheidh fearg orm arís.

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 16