Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 16:19-32 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

19. Mar an gcéanna, an t‑arán a thug mé duit, an plúr mín, an ola agus an mhil lenar chothaigh mé thú, d'ofráil tú dóibh iad mar bholadh cumhra - an Tiarna Dia a labhraíonn.

20. Lena chois sin, thug tú na mic agus na hiníonacha a rug tú domsa agus d'íobair tú dóibhsean iad lena slogadh siar. Nár leor leat do striapachas?

21. Ach thug tú anbhás do mo pháistí agus thug tú ar láimh dóibh iad mar íobairt dhóite.

22. Le linn d'imeachtaí gránna agus do striapachais níor chuimhin leat laethanta d'óige nuair a bhí tú lom tarnocht i do chróluí féin.

23. “Tharla i ndiaidh d'oilc uile - mairg agus mairg arís duit, an Tiarna Dia a labhraíonn -

24. gur thóg tú ardán agus ardionad duit féin ag gach crosbhóthar.

25. Thóg tú d'ardionad ag ceann gach sráide, ag truailliú do scéimhe agus ag méadú do striapachais trí bheith do do thairiscint féin do gach duine a théadh an bealach.

26. Mheirdrigh tú fosta leis na hÉigiptigh, do chomharsana drúisiúla; mhéadaigh tú an striapachas le mo ghríosúsa chun feirge.

27. Dá bhrí sin shín mé mo lámh amach i do choinne. Laghdaigh mé do sciar bia, d'fhág mé thú i muinín do naimhde, iníonacha na bhFilistíneach, a gcuireann do striapachas déistin orthu.

28. Mheirdrigh tú mar an gcéanna leis na hAsaírigh toisc tú a bheith doriartha; sea, mheirdrigh tú leo agus níorbh fhéidir do shásamh.

29. Mhéadaigh tú do dhrúis i dtír Chanán agus sa Chaildéa, agus leis seo fós ní raibh tú sásta.

30. “Nach lag do chroí - an Tiarna Dia a labhraíonn - leis na nithe seo, obair striapaí dána, a dhéanamh,

31. ag tógáil d'ardáin ag ceann gach sráide agus d'ardionaid ag gach crosbhóthar? Ach murab ionann agus striapach ní ghlacfá airgead.

32. Fáiltíonn banadhaltrach roimh choimhthígh in áit a céile féin.

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 16