Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 14:9-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Má bhíonn an fáidh meallta, mise, an Tiarna, a mheall an fáidh sin; sínfidh mé amach mo lámh ina choinne agus scriosfaidh mé é as lár mo phobail, Iosrael.

10. Fulaingeoidh siad pionós agus beidh an pionós céanna ann don fháidh agus don duine a chuireann tuairisc;

11. ionas nach seachránfaidh muintir Iosrael uaim arís agus nach dtruailleoidh siad iad féin níos mó lena gcionta, ach go mbeidh siad ina bpobal agamsa agus mise i mo Dhia acusan - an Tiarna a labhraíonn.’ ”

12. Tháinig briathar an Tiarna chugam:

13. “A mhic an duine, dá bpeacódh tír i mo choinne trí mhídhílseacht agus go sínfinn amach mo lámh ina choinne, go mbrisfinn a stór aráin agus gorta a sheoladh chuige agus gach fear agus ainmhí ann a scrios as;

14. dá mbeadh fiú an triúr seo ann, Naoi, Dainéil agus Iób, ní thabharfaidís slán de bharr a bhfíréantachta ach a mbeatha féin amháin - an Tiarna Dia a labhraíonn.

15. Dá scaoilfinn ainmhithe allta ar fud na tíre agus go gcreachfaidís agus go mbánóidís é ionas nach mbeadh sé intaistil mar gheall ar na hainmhithe;

16. dá mbeadh fiú an triúr seo ann, dar mo bheatha - an Tiarna Dia a labhraíonn - ní thabharfaidís mac ná iníon slán ach iad féin amháin agus bhánófaí an talamh.

17. Nó dá dtabharfainn claíomh ar an tír sin agus a rá: Téadh an claíomh tríd an tír, agus go scriosfainn gach fear agus ainmhí amach as;

18. dá mbeadh fiú an triúr seo ann, ní thabharfaidís mac ná iníon slán ach iad féin amháin, dar mo bheo - is é an Tiarna a labhraíonn.

19. Nó dá seolfainn plá chun na tíre sin agus m'fhearg a ídiú ann le fuil ionas go scriosfaí gach fear agus ainmhí ann;

20. dá mbeadh fiú Naoi, Dainéil agus Iób ann, dar mo bheatha - an Tiarna Dia a labhraíonn - ní thabharfaidís slán de bharr a bhfíréantachta ach a mbeatha féin amháin.

21. “Seo mar a deir an Tiarna: Nach mó fós a tharlóidh nuair a ghearrfaidh mé mo cheithre phionós nimhneacha ar Iarúsailéim - an claíomh, an gorta, ainmhithe allta agus an phlá - ionas go scriosfar ann gach fear agus ainmhí!

22. Ach má fhágtar aon duine ann le bhur mic agus bhur n‑iníonacha a tharrtháil; nuair a thiocfaidh siad chugaibh agus nuair a fheicfidh sibh a n‑iompar agus a ngníomhartha, gheobhaidh sibh sólás cúitimh as an olc a thug mé ar Iarúsailéim, as ar tharraing mé anuas uirthi.

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 14