Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 14:1-6 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Tháinig dream de sheanóirí Iosrael chugam ansin agus shuigh os mo chomhair.

2. Tháinig briathar an Tiarna chugam:

3. “A mhic an duine, tá a gcroí istigh ag an dream seo sna híola atá acu; breathnaíonn siad le taitneamh ar bhunchúis a n‑urchóide. Ar chóir dom ligean dóibh mo thuairisc a chur ar chor ar bith?

4. Dá bhrí sin, labhair leo; abair seo leo: ‘Seo mar a deir an Tiarna Dia: Cibé fear de mhuintir Iosrael a bhfuil a chroí istigh sna híola atá aige agus a bhreathnaíonn le taitneamh ar bhunchúis a urchóide agus a thagann ina dhiaidh sin chuig an bhfáidh, gheobhaidh sé freagra uaimse, an Tiarna, mar gheall ar iomad a íol’,

5. ionas go meallfaidh mé chugam na croíthe de mhuintir Iosrael go léir a thug cúl liom ar son a n‑íol.

6. “Dá bhrí sin, abair le muintir Iosrael: ‘Seo mar a deir an Tiarna Dia: Déanaigí aithrí, iompaígí ó bhur n‑íola agus tréigigí bhur n‑imeachtaí gránna uile.

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 14