Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 13:4-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Tá d'fháithe amhail sionnaigh i lár fothrach, a Iosrael.

5. “Ní dheachaigh sibh suas sna bearnaí ná níor dhaingnigh sibh muintir Iosrael, ionas go seasfaidís sa chath lá an Tiarna.

6. Bíonn físeanna baotha agus tairngreachtaí bréige acu agus deir siad: ‘Is é an Tiarna a labhraíonn’; cé nach é an Tiarna a chuireann uaidh iad; agus iad ag súil leis ina ainneoin sin go bhfíorófar a mbriathra.

7. An amhlaidh nach baoth an fhís a chonaic sibh agus nach bréagach an tairngreacht nuair a deir sibh: ‘Is é an Tiarna a labhraíonn’; nuair nár labhair mé ar chor ar bith?”

8. Dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: “Ar an ábhar gur labhair sibh go díomhaoin agus go bhfaca sibh bréaga, féach, tá mise in bhur gcoinne - an Tiarna Dia a labhraíonn.

9. Sínfidh mé mo lámh i gcoinne fáithe na bhfíseanna baotha agus na dtairngreachtaí bréige. Ní bheidh áit acu ar ardchomhairle mo phobail, ní chlárófar iad ar rolla mhuintir Iosrael, ní leagfaidh siad cos ar thalamh Iosrael, agus tuigfidh siad gur mise an Tiarna Dia.

10. Óir tá mo phobal ar seachrán acu ag fogairt na síochána nuair nach bhfuil aon síocháin ann; tá brat aoil daite ar an mballa acu nuair is balla nua a thógfaidh an pobal.

11. Abair leo siúd a dhathaíonn é le haol go dtitfidh sé. Beidh tuile bháistí ann, titfidh clocha móra sneachta, séidfidh stoirm ghaoithe;

12. agus nuair a thitfidh an balla nach ndéarfar libh: ‘Cá bhfuil an t‑aol lenar dhathaigh sibh é?’

13. Dá bhrí sin, is mar seo a deir an Tiarna Dia: Scaoilfidh mé stoirm ghaoithe lena réabadh agus fearg orm, scaoilfidh tuile bháistí agus cuthach orm, clocha móra sneachta agus fraoch orm.

14. Scriosfaidh mé an balla a dhathaigh sibh le haol agus teilgfidh mé go talamh é, ionas go bhfágfar a bunsraith nocht. Titfidh sé agus caillfear sibhse ina lár; agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna.

15. “Sin mar a ídeoidh mé mo fhearg ar an mballa agus orthusan a dhathaigh é le haol. Déarfaidh mé libh: Tá deireadh leis an mballa agus leo siúd a dhathaigh é,

16. leis na fáithe sin de chuid Iosrael a thairngir faoi Iarúsailéim agus a chonaic físeanna síochána nuair nach raibh aon síocháin ann - an Tiarna Dia a labhraíonn.”

17. “Tusa, a mhic an duine, iompaigh in aghaidh iníonacha do mhuintire a thairngríonn as a stuaim féin; tairngir ina gcoinne.

18. Abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Is mairg do na mná a fhuann rufaí ar an uile chaol láimhe, a dhéanann caillí cinn do chách idir ard agus íseal, chun anamacha a chur i sáinn. An ndéanfaidh sibhse anamacha mo phobail a chur i sáinn agus aire a thabhairt d'anamacha eile ar mhaithe libh féin?

19. Mhaslaigh sibh mise os comhair mo phobail féin ar son dornáin eorna agus blúirí aráin, á marú siúd nár chóir a mharú agus ag cothú dream nár chóir a chothú, trí bhréaga a insint do mo phobal a dtaitníonn leo éisteacht le bréaga.

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 13