Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 13:19-23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

19. Mhaslaigh sibh mise os comhair mo phobail féin ar son dornáin eorna agus blúirí aráin, á marú siúd nár chóir a mharú agus ag cothú dream nár chóir a chothú, trí bhréaga a insint do mo phobal a dtaitníonn leo éisteacht le bréaga.

20. “Dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Is beag orm bhur rufaí lena dtóraíonn sibh na hanamacha (amhail éanlaith); réabfaidh mé ó chaolta bhur lámh iad agus fuasclóidh mé na hanamacha a thóraíonn sibh amhail éanlaith.

21. Réabfaidh mé bhur gcaillí mar an gcéanna, saorfaidh mé mo phobal uaibh agus ní bheidh siad i ngreim mar chreach agaibh feasta; agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna.

22. De bhrí gur chuir sibh imní le bréaga ar an bhfíréan nár chuir mise imní air; agus gur spreag sibh an ciontach ionas nach gcasfadh sé óna drochiompar lena bheatha a shlanú;

23. dá bhrí sin uile, ní fheicfidh sibh níos mó na físeanna baotha, ní dhéanfaidh sibh fáistine; fuasclóidh mé mo phobal as bhur lámha. Tuigfidh sibh ansin gur mise an Tiarna.”

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 13