Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 11:9-25 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Tiomáinfidh mé amach sibh, tabharfaidh mé suas do na coimhthígh sibh, agus gearrfaidh mé pionós oraibh.

10. Titfidh sibh leis an gclaíomh ar thalamh Iosrael, gearrfaidh mé pionós oraibh agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna.

11. Ní bheidh an chathair seo ina coire agaibh ná sibhse in bhur bhfeoil istigh; gearrfaidh mé pionós oraibh ar thalamh Iosrael,

12. agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna. Níor shiúil sibh de réir mo reachtanna agus níor chomhlíon sibh mo dheasghnátha; ach chleacht sibh gnásanna na gciníocha máguaird.’ ”

13. Tharla, agus mé ag tairngreacht, gur éag Palaitia mac Bhanáiá. Shléacht mé go talamh agus bhéic os ard: “A Thiarna Dia, an bhfuil sé leagtha amach agat iarmhar Iosrael a dhíothú?”

14. Tháinig briathar an Tiarna chugam ansin:

15. “A mhic an duine, do bhráithre - is é sin do dheartháireacha, fir do chine, muintir iomlán Iosrael - dúirt muintir Iarúsailéim leo: ‘D'imigh sibhse i bhfad ón Tiarna; is dúinne a tugadh an tír seo mar oidhreacht.’

16. Abair, dá bhrí sin: ‘Seo mar a deir an Tiarna Dia: Cé gur theilg mé i bhfad uaim iad i measc na gciníocha agus gur scaip mé iad ar fud na dtíortha, ba shanctóir dóibh mé ar feadh tamaill sa tír ina ndeachaigh siad.’

17. Abair, dá bhrí sin: ‘Seo mar a deir an Tiarna Dia: Cruinneoidh mé sibh ó na ciníocha, cruinneoidh mé sibh as na tíortha inar scaipeadh sibh agus bronnfaidh mé fearann Iosrael oraibh.’

18. Ar theacht ansin dóibh ruaigfidh siad glan idir uafáis agus imeachtaí gránna aisti.

19. Tabharfaidh mé aon chroí amháin dóibh, cuirfidh mé spiorad úr isteach iontu: aistreoidh mé an croí cloiche óna gcorp agus tabharfaidh mé croí feola dóibh,

20. ionas go siúlfaidh siad de réir mo reachtanna agus go gcomhlíonfaidh siad mo dheasghnátha gan faillí a dhéanamh; agus beidh siad ina bpobal agamsa agus mise i mo Dhia acusan.

21. Ach i dtaobh an dreama a dtéann a gcroí sa tóir ar uafáis agus ar imeachtaí gránna, cúiteoidh mé a ngníomhartha leo féin - an Tiarna Dia a labhraíonn.”

22. Ansin spréigh na ceiribíní a sciatháin amach agus na rothaí lena n‑ais, agus bhí glóir an Tiarna os a gcionn.

23. D'éirigh glóir an Tiarna ó lár na cathrach agus sheas ar an sliabh ar oirthear na cathrach.

24. Thóg an spiorad mé agus rug mé i bhfís ó spiorad Dé go Caildéa, chuig na deoraithe. An fhís a chonaic mé d'imigh sí ar shiúl uaim ansin,

25. agus d'inis mé do na deoraithe ar thaispeáin an Tiarna dom.

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 11