Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 11:1-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Thóg an spiorad ansin mé agus rug mé go geata thoir Theampall an Tiarna, an geata a fhéachann soir. Ar an mbealach isteach ag an ngeata bhí cúigear fear is fiche agus ina measc chonaic mé Iázainia mac Azur agus Palaitia mac Bhanáiá, uachtaráin an phobail.

2. “A mhic an duine,” arsan Tiarna, “seo lucht na drochchomhcheilge a thugann comhairle a haimhleasa don chathair seo;

3. na daoine a deir: ‘[Nach bhfuil] sé in am againn tithe a thógáil? Is coire an chathair seo agus is sinne an fheoil.’

4. Dá bhrí sin, tairngir ina gcoinne, tairngir, a mhic an duine!”

5. Tháinig spiorad an Tiarna anuas orm agus dúirt sé liom: “Abair: ‘Is mar seo a deir an Tiarna: Sin mar a mheasann sibh, a mhuintir Iosrael, mar tá fios bhur smaointe agamsa.

6. Mhéadaigh sibh líon bhur marbh sa chathair seo, líon sibh na sráideanna le corpáin.

7. Dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna: Na mairbh a leag sibh inti, is iadsan an fheoil agus is í an chathair an coire; ach tá sé ar intinn agam sibh a thiomáint amach aisti.

8. B'eagal libh an claíomh agus tabharfaidh mé an claíomh anuas oraibh - an Tiarna Dia a labhraíonn.

9. Tiomáinfidh mé amach sibh, tabharfaidh mé suas do na coimhthígh sibh, agus gearrfaidh mé pionós oraibh.

10. Titfidh sibh leis an gclaíomh ar thalamh Iosrael, gearrfaidh mé pionós oraibh agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna.

11. Ní bheidh an chathair seo ina coire agaibh ná sibhse in bhur bhfeoil istigh; gearrfaidh mé pionós oraibh ar thalamh Iosrael,

12. agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna. Níor shiúil sibh de réir mo reachtanna agus níor chomhlíon sibh mo dheasghnátha; ach chleacht sibh gnásanna na gciníocha máguaird.’ ”

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 11