Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 10:16-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

16. Nuair a ghluaiseadh na ceiribíní, ghluaiseadh na rothaí lena n‑ais; agus nuair a spréadh na ceiribíní a sciatháin le héirí suas ón talamh, ní chlaonadh na rothaí (ó bheith lena n‑ais).

17. Nuair a stadaidís stadadh na rothaí fosta; nuair a d'éirídís ón talamh d'éirídís siúd ina gcuideachta; óir bhí spiorad na ndúl sna rothaí.

18. Tháinig glóir an Tiarna amach ó thairseach an Teampaill agus sheas os cionn na gceiribíní.

19. Spréigh na ceiribíní a sciatháin agus d'éirigh ón talamh; bhí mise ag amharc orthu agus na rothaí ag imeacht lena n‑ais. Sheas siad ag an mbealach isteach ag geata thoir Theampall an Tiarna agus glóir Dhia Iosrael os a gcionn.

20. Ba iad seo na dúile a chonaic mé faoi Dhia Iosrael ag an abhainn Ceabár agus bhí fhios agam gur cheiribíní iad.

21. Bhí ceithre aghaidh agus ceithre sciathán ag gach ceann acu agus cosúlacht lámha duine faoi na sciatháin.

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 10