15. D'éirigh na ceiribíní san aer: ba iad na dúile a chonaic mé ag an abhainn Ceabár.
16. Nuair a ghluaiseadh na ceiribíní, ghluaiseadh na rothaí lena n‑ais; agus nuair a spréadh na ceiribíní a sciatháin le héirí suas ón talamh, ní chlaonadh na rothaí (ó bheith lena n‑ais).
17. Nuair a stadaidís stadadh na rothaí fosta; nuair a d'éirídís ón talamh d'éirídís siúd ina gcuideachta; óir bhí spiorad na ndúl sna rothaí.
18. Tháinig glóir an Tiarna amach ó thairseach an Teampaill agus sheas os cionn na gceiribíní.
19. Spréigh na ceiribíní a sciatháin agus d'éirigh ón talamh; bhí mise ag amharc orthu agus na rothaí ag imeacht lena n‑ais. Sheas siad ag an mbealach isteach ag geata thoir Theampall an Tiarna agus glóir Dhia Iosrael os a gcionn.