Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 10:10-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. Bhí an chuma chéanna ar an gceathrar agus iad mar a bheadh roth i lár rotha.

11. Ag gluaiseacht dóibh d'imigh siad i dtreo aon cheann de na ceithre threo gan claonadh óna gcursa; cibé treo a dtéadh an roth tosaigh leanadh na rothaí eile é, gan claonadh óna gcúrsa.

12. Bhí a gcoirp agus a ndroimeanna, a lámha agus a sciatháin, agus a rothaí lán de shúile thart timpeall - is é sin na rothaí a bhí ag an gceathrar.

13. Chuala mé rothaí rothlaim a thabhairt mar ainm ar na rothaí.

14. Bhí ceithre aghaidh ar gach ceann acu: aghaidh [daimh] ab ea an chéad aghaidh, aghaidh duine an dara ceann, aghaidh leoin an tríú ceann agus aghaidh iolair an ceathrú ceann.

15. D'éirigh na ceiribíní san aer: ba iad na dúile a chonaic mé ag an abhainn Ceabár.

16. Nuair a ghluaiseadh na ceiribíní, ghluaiseadh na rothaí lena n‑ais; agus nuair a spréadh na ceiribíní a sciatháin le héirí suas ón talamh, ní chlaonadh na rothaí (ó bheith lena n‑ais).

17. Nuair a stadaidís stadadh na rothaí fosta; nuair a d'éirídís ón talamh d'éirídís siúd ina gcuideachta; óir bhí spiorad na ndúl sna rothaí.

18. Tháinig glóir an Tiarna amach ó thairseach an Teampaill agus sheas os cionn na gceiribíní.

19. Spréigh na ceiribíní a sciatháin agus d'éirigh ón talamh; bhí mise ag amharc orthu agus na rothaí ag imeacht lena n‑ais. Sheas siad ag an mbealach isteach ag geata thoir Theampall an Tiarna agus glóir Dhia Iosrael os a gcionn.

20. Ba iad seo na dúile a chonaic mé faoi Dhia Iosrael ag an abhainn Ceabár agus bhí fhios agam gur cheiribíní iad.

21. Bhí ceithre aghaidh agus ceithre sciathán ag gach ceann acu agus cosúlacht lámha duine faoi na sciatháin.

22. Agus ba é cosúlacht a n‑aghaidheanna na haghaidheanna céanna a bhfaca mé a gcosúlacht ag an abhainn Ceabár. Chuaigh gach ceann acu caol díreach ar aghaidh.

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 10